Aigéad hidreafluarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fluairíd hidrigine, HF, nó a tuaslagán uisciúil. Bíodh is go bhfuil sé fíorchreimneach, níl sé ach measartha láidir mar aigéad, agus i dtuaslagán atá páirtneodraithe bíonn an pH thart ar 3. Eitseálann an t-aigéad gloine tríd an imoibriú 4 HF + SiO2 → SiF4 + 2 H2O, mar is so-ghalaithe an fhluairíd sileacain a dhéantar.