Aigéad fúmarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhdhúil is ea aigéad fúmarach (C2H2(COOH)2) le leáphointe 300 °C. Aigéad décharbocsaileach neamhsháithithe a úsáidtear i ndéanamh roisíní poileistear atá ann. Tugtar fúmaráití ar a shalainn, agus úsáidtear go minic iad i ndéanamh drugaí. Is isiméir gheoiméadarach de chuid aigéid mhailéigh é.