Aigéad beansóch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Benzoic-acid.svg
Benzoic-acid-3D-vdW.png

Is é an t-aigéad beansóch C6H5COOH an t-aigéad carbocsaileach aramatach is simplí ó thaobh an struchtúir de. I móilín an aigéid bheansóch, tá an grúpa carbocsaileach -COOH ceangailte don fháinne beinséine C6H5-. Solad neamhdhaite criostalta é faoin ngnáthbhrú agus leis an ngnáth-theocht. Tá sé 122.12 g/mol ar mhais mhóilíneach, agus 1.32 g/cm3 ar dhlús. Is é an leáphoint atá aige ná 395 K, nó 122.4 céim Celsius, agus sroicheann sé a ghalphointe ag 522 K, nó 249 céim Celsius. Tá sé réasúnta intuaslagtha san uisce te, ach ní féidir níos mó 3.4 g den aigéad bheansóch a thuaslagan san uisce le teocht an chúig chéim Celsius fichead.

Úsáidtear an t-aigéad beansóch agus a chuid salann, go háirithe beansóáit an tsóidiam, mar chaomhnóir bia. Amhábhar tábhachtach is ea é an t-aigéad beansóch ag an tionsclaíocht cheimiceach chomh maith, lena lán comhdhúile casta orgánacha a shintéisiú.