Aigéad aracadónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aigéad sailleach polaineamhsháithithe is ea aigéad aracadónach le 20 adamh carbóin is 4 nasc neamhsháithithe. Bíonn sé stóráilte i gcillscannáin, agus nuair a fhuasclaítear é cuireann sé bun le prostaglaindiní is leocaitríéiní. Sintéisítear é sa cholainn as aigéad líonoiléach (le 18 adamh carbóin is 2 nasc neamhsháithithe), comhábhar riachtanach sa chothú mar nach féidir leis an gcolainn dhaonna é a shintéisiú.