Aifid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feithid bogcholainne is ea aifid a itheann súlach plandaí. Timthriall casta beatha aici. De réir cineáil, bíonn cuid mhaith glún a atáirgeann go neamhghnéasach ina mbeireann na baineannaigh feithidí beo, agus glúin amháin in aghaidh na bliana a atáirgeann go gnéasach. Táirgeann cuid mhaith speiceas céir mar chumhdach cosanta. Táirgeann cuid eile acu drúcht meala, agus tugann seangáin aire dóibh. Tá timpeall 4,000 speiceas ar eolas, an chuid is mó díobh sa leathsféar thuaidh. Ina measc tá lotnaidí suntasacha (mar shampla, an chuileog ghlas is an chuil dhubh).