Córas deachúlach Dewey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is córas dílsithe rangaithe leabharlainne é córas deachúlach Dewey, forbartha ag Melvil Dewey sa bhliain 1876. Ó shin i leith, bhí sé athraithe agus leathnaithe go mór, le 22 leasú mór, an ceann is déanaí sa bhliain 2011.

Eagraíonn an córas seo leabhair leabharlainne i seilfeanna ar leith agus in ord sainiúil agus in-athdhéanta a dhéanann sé éasca leabhar ar bith a aimsiú agus/nó a chur ar ais san áit cheart.

Tá deich bpríomhchatagóir nó rang i gCóras Dewey, gach ceann díobh roinnte i ndeich bhfochatagóir, agus deich bhforoinn ag gach ceann acu siúd.