Aicéitilín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gás gan dath is ea aicéitilín (C2H2) a fhiuchann ag -84 °C. Boladh aerga aisti. Déanann sí meascán pléascach le haer. Pléascach agus í leachtaithe An dá adamh carbóin sa mhóilín ceangailte le nasc triarach. Déantar é trí imoibriú uisce le cairbíd chailciam. Úsáidtear í mar bhreosla, go príomha sa tóirse ocsaicéitiléin chun miotail a ghearradh is a tháthú, agus mar bhunús i sintéis orgánach.