Austin Currie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aibhistín Ó Comhraí)
Infotaula de personaAustin Currie

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Joseph Austin Currie
11 Deireadh Fómhair 1939
Dún Geanainn, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Samhain 2021
82 bliana d'aois
Doire an Mhuilinn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
30 Bealtaine 1964 – 30 Márta 1972
← Joe Stewart (en) Aistrigh
Toghcheantar: East Tyrone (en) Aistrigh
Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1973–74


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
PáisteEmer Currie Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir agus gníomhaí cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann ab ea Austin CurrieAibhistín Ó Comhraí (11 Deireadh Fómhair 1939 - 9 Samhain 2021),[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Austin Currie a chuid oideachais i nDún Geanainn i gContae Thír Eoghain agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Ó 1964 go dtí 1972, bhí sé ina Fheisire Parlaiminte i Stormont.

Bhain Austin Currie cáil amach i 1968 nuair a chuir sé in aghaidh chinneadh na n-údarás áitiúil i gCo Thír Eoghain teach cónaithe a chur ar fáil do bhean shingil. Bhí an bhean, 19 bliain d'aois, ag obair do pholaiteoir aontachtach, cé gur mhó an riachtanas a bhí ar theaghlaigh Chaitliceacha sa cheantar.[2][3]

Ina dhiaidh sin, i 1970, bhí Austin Currie ar dhuine de bhunaitheoirí an SDLP in éindí le John Hume, Ivan Cooper, Gerry Fitt, Paddy Devlin agus Paddy O'Hanlon. Bhí sé ina bhall den Tionól, Tuaisceart na hÉireann, idir 1973 - 1975.

Chuaigh sé chun cónaithe i gCo Chill Dara sna hochtóidí agus bhí sé ina iarrthóir ag Fine Gael i dtoghchán na hUachtaránachta i 1990.

Toghadh ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla idir 1994 agus 1997.

Chaill sé a shuíochán san olltoghchán in 2002 agus d'éirigh sé as an bpolaitíocht.

Bhí cúigear clainne air, a n-iníon an Seanadóir Emer Currie ina measc.[2]

Omós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Austin Currie bás ina chodladh ag a theach cónaithe i nDoire an Mhuillinn i gCo. Chill Dara ar 9 Samhain 2021, agus é ina 82 bhliain.[4] Tá sé curtha in Éadan na dTorc[5] i dTír Eoghain.

Dúirt an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, ar bhás Austin Currie, "Tá polaiteoir tiomanta, macánta, an-dúthrachtach caillte ag Éirinn, fear a raibh ionchur suntasach aige i saol an iliomad daoine ar fud na hÉireann le linn gairmréim éagsúil agus dhúshlánach."[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Civil rights activist Austin Currie dies aged 82" (as en) (2021-11-09). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2021-11-10). "Ómós tugtha don iarpholaiteoir Austin Currie a bhásaigh inné" (as ga). 
  3. The Irish Times (2018). "How Austin Currie’s 1968 housing protest ignited NI’s civil rights movement | | ► VIDEO" (en-IE). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  4. Nuacht RTÉ (2021-11-12). "Sochraid 'fathach na gcearta sibhialta' Austin Currie" (as ga). 
  5. "Éadan na dTorc/Edendork" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-15.
  6. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-11-10.