Aeneas Coffey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Driogaire is ceapadóir a rugadh i mBaile Átha Cliath nó Calais na Fraince ab ea Aeneas Coffey (1780-1852). Bhunaigh sé a dhrioglann féin i mBaile Átha Cliath (1828) áit ar cheap sé an chéad stil leanúnach agus a bhfuair paitinn uirthi. Roimhe sin, trí bhaiscphróiseáil i bpotaistileanna a dhéantaí uisce beatha, agus bhí a phróiseas níos éifeachtaí táirgiúla. Glacadh leis go forleathan i dtáirgeadh tionsclaíoch biotáille, ach níor glacadh leis i dtáirgeadh uisce beatha de bhrí gur bhain an próiseas na rianábhair a thug blas sainiúil d'fhuisce braiche amach.