Ad exstirpanda
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard a bhí i gceist le Ad exstirpanda ná bulla de chuid an Phápa Innocent IV. Eisíodh ar an 15 Bealtaine 1252 é. Bhain sé le bealaigh le dul i ngleic le heiricigh. Tá aithne air mar an chéad cháipéis ó Phápa a lig do na firéinn céasadh a chleachtadh ar dhaoine a raibh eiriceacht churtha ina leith. Bhí tionchar ollmhór ag an gcáipéis seo ar stair eaglais na meánaoiseanna.
Sé an sliocht a bhaineann leis an gcéasadh, as Laidin, ná:
| “ | "Teneatur praeterea potestas, seu rector, omnes haereticos quos captos habuerit, cogere, citra membri diminutionem et mortis periculum, […] errores suos expresse fateri, et accusare alios haereticos quos sciunt […]" | ” |
Aistriúchán:
| “ | "Ba cheart don duine i gcumhacht, iachall a chuir ar chuile eiriceach, atá gafa aige, gan iad a fhágaint le míchumas buan no iad a chur i mbaol a mbáis, a ndearmaid a admháil agus eiricigh eile a bhfuil aithne acu orthu a ainmniú." | ” |
De bharr an fhorógra seo cuireadh eiricigh ar chomhchéim le dúnmharathóirí agus coirpigh eile.