Acraimeigealas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar is ea acraimeigealas a bhuaileann daoine fásta de bharr róthál hormón an fháis ag an bhfaireog phiotútach, de ghnáth mar gheall ar shiad. Bíonn borradh ar an-chuid fíochán, an craiceann is na fíocháin fhochraicneacha ag éirí níos tibhe gairbhe, agus borradh faoin mblaosc, an cromán, na lámha is na cosa.