Acmhainní géiniteacha plandaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An raon iomlán éagsúlachta géinití atá le fáil i bhfoirmeacha nádúrtha is saothraithe de speiceas ar bith. Is iad na plandaí sa raon seo a chuimsíonn foinse bhunúsach na n-ábhar a úsáidtear i bpórú plandaí. Coinnítear speicis thábhachtacha faoi chúinsí rialaithe i ngéinbhainc faoi stiúir an Bhoird Idirnáisiúnta um Acmhainní Géiniteacha Plandaí, nó i lárionaid náisiúnta stiúrtha.