Achadh Ghobhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAchadh Ghobhair

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°45′49″N 9°27′50″W / 53.7635°N 9.464°W / 53.7635; -9.464
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde157 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1414224

Is sráidbhaile é Achadh Ghobhair[1] (Aughagower i mBéarla) i gContae Mhaigh Eo, tuairim is 5km slí ó Chathair na Mart.

Pádraig Naofa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur thug Naomh Pádraig cuairt ar an mbaile sa chúigiú haois. De réir an traidisiúin, chaith sé oíche ina chodladh ar "Leaba Phádraig". Bhí tobar beannaithe ann tráth, ar a dtugtaí "Tobar na nDeachan" (tobar na ndeagánach). Deirtear gur bhaist Pádraig Naofa na chéad Chríostaithe sa cheantar i nDabhach Phádraig, "folcadán" ciorclach a bhfuil balla cloiche timpeall uirthi. Tá "Síle na gcíoch" "Síle na gig" le feiceáíl sa bhalla.

Tóchar Phádraig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Achadh Ghobhair suite ar Thóchar Phádraig idir mainistir Bhaile an Tobair agus Cruach Phádraig. Is é an bóthar oilithreachta is mó atá fós le fáil in Éirinn é.

Cloigtheach agus séipéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an cloigtheach agus an séipéal meánaoiseach na foirgnimh is suntasaí sa sráidbhaile. Tá an séipéal le fáil in aice leis an reilig nua-aoiseach. Luaigh Tírechán an séipéal timpeall na bliana 700.[2] Tógadh an cloigtheach uair éigin idir na blianta 973 agus 1013. Tá sé suas le 16m ar airde. Deirtear gur bhuail splanc thintrí an cloigtheach, agus thuirling an chuid uachtair de ar chnoc leathmhíle slí ón bhfoirgneamh féin. Rug bean de mhuintir na háite an liag mhullaigh chun na heaglaise (mar a bhfuil sé le feiceáil ó shin) ina naprún.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Achadh Ghobhair/Aghagower | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-05.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-12-27. Dáta rochtana: 2010-03-23.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]