Accenture

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Accenture
Accenture logo
Saghas Comhlachta Comhlacht poiblí (NASDAQ: ACN)
Bunaithe 1989 mar Anderson Consulting
Suíomh Flag of Ireland.svg Accenture, Cearnóg an Chanáil Mhór, BÁC, Éire (Chláraithe)
Flag of the United States.svg Accenture LLP Chicago, Illinois, Stáit Aontaithe Mheiriceá (Príomh Oifig)
Tír(Tíortha) {{{tír}}}
Daoine Lárnacha William "Bill" D. Green (Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin), Mark Ryan (Bainisteoir Stiúrtha na Tíre [Éire])
Méid fostaithe Thart ar 211,000 (2011)[1]
Tionscail Comhairliú, Teicneolaíocht, Foinsiú Allamuigh
Láithreán Gréasáin www.accenture.com

Is comhlacht domhanda comhairliú bainistíochta, seirbhísí teicneolaíochta agus foinsithe allamuigh é Accenture. Téann Accenture i gcomhpáirt lena chuid cliant chun cuidiú leo a beith ina ngnólacht agus ina rialtas a bhfuil ardfheidhmíocht ag baint leo. Chuige sin cuireann Accenture taithí atá thar ne bearta ar fáil, mar aon le cumas cuimsitheac i ngach tionscal agus feidhim gnó, agus taighde fairsing ar na comhlactaí is rathúla ar domhan. Le breis is 175,000 duine i 49 tír, ghin an comhlacht glainioncam de US$19.70 billiún sa fhioscach dar chríoch an 31 Lúnasa, 2007.

Cumann Gaelach Accenture[athraigh | edit source]

I mí Iúil 2007 bunaíodh Cumann Gaelach Accenture. Tá sé i gceist ag an gCumann Gaelach an Ghaeilge a chur chun cinn sa chomhlacht, agus pobal Gaeilgeoirí a chruthú agus a chothabháil.[2] Le breis is 250 duine cláraithe mar baill is ceann de na grúpaí sóisialta is mó i Accenture in Éirinn.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]