Abu Musa Jabir ibn Hayyan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jabir ibn Hayyan

Abu Musa Jabir ibn Hayyan (Araibis: جابر بن حیان) (c.721–c.815). Bhí aithne air sa Laidin freisin mar Geber, leagan de Jabir. Rugadh i Tus na Peirse é, agus fuair sé bás i Kufa, san Iaráic.

Ba phoitigéir, ailceimiceoir, fealsamh, réalteolaí, fisiceoir, agus lia mór le rá é. "Athair na Ceimice" a thugtar air uaireanta. Arabach nó Peirseach a bhí ann.

Scríobh duine anaithnid san Eoraip leabhar ailceimice faoin ainm Geber sa 13ú haois. "Geber Falsa" a thugtar ar an údar seo.