Abhainn an Scáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAbhainn an Scáil
Annascaul (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°09′06″N 10°03′24″W / 52.1517°N 10.0567°W / 52.1517; -10.0567
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde15 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie22453

Sráidbhaile in Éirinn is ea Abha na ScáilAbhainn an Scáil.[1] Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gCiarraí. Tá beagnach 1,000 duine ag maireachtaint in Abha na Scáil agus an paróiste mórthimpeall air. Sa bhliain 2016 bhí 318 duine ag maireachtaint ar an sráidbhaile. Tá scata tithe tábhairne, bunscoil, bialann, café, halla, páirc caide, séipéal agus dhá shiopa ar an sráidbhaile. B'as Abha na Scáil don dtaiscéalaí Antartach cáiliúil Tom Crean.

Fuarthas amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil Gaoluinn ag thart ar 59% de mhuintir an pharóiste, cé nach bhfuil Abha na Scáil sa Ghaeltacht. Cé gur trí Bhéarla a mhúineann bunscoil Abha na Scáil, tá cuid de dhaltaí na háite anois ag triall ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Meanscoil Gaeltachta Lán-Ghaeilge sa Daingean nó ar Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]