Aben Humeya
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Aben Humeya (1520–1569) i gceannas ar an Éirí amach Múrach i gcoinne Pilib II na Spáinne i réigiún Alpuharras, in aice le Granada. Fernando de Córdoba y Valor an t-ainm Spáinneach a baisteadh air ach Muhammad ibn Umayya a ainm dúchasach Múrach.
D'éirigh sé amach i gcoinne Rí na Spáinne nuair a cuireadh cosc ar úsáid na hArabaise agus nósanna na Moslamach sa bhliain 1568 agus gairmeadh rí de ach tuairiscítear gur tíoránach ceart a bhí ann agus cuireadh chun báis é ina phálás i Lanjarón i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1569 agus cé gur tháinig a chol ceathar Abén Aboo i gcomharbacht air níor mhair an choimhlint ach dhá bhliain eile.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.