A mhaimí, nach tú an cladhaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is amhrán traidisiúnta Éireannach i nGaeilge é A mhaimí, nach tú an cladhaire.

An t-amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is a mhaimí nach tú an cladhaire nár dh’insigh dom dhaidí i dtráth
Go rabhasa breoite tinn agus mé millte le darta grá,
Go mbím san oíche ag taidhreamh gur im mhaighdean le fada atháim-
’s mara bhfaighfear fear gan mhoill dom gur deimhneach go raghad ’om bá!”

A Neilí bíse foighneach ’s ní bhfaighidh tú aon fhear go fóill-
Thá an cíos ag glaoch gan mhoill orainn ’s gan poinn againn le cur ’na chomhair,
Thá broid agus ceant gach ló orainn - ár ngabháltachas róbheag go deo,
Agus t’atháir bocht drochshláinteach ’s an máistir ró-dhian go deo”.

A mhaimí bíse tuisceanach do dhuine bheadh i bpian mar atháim-
Thá plámás míle duine ionat is ní thuigeann tusa trian mo chás,
Dá gcuirfinn mo scéal i dtuiscint duit cárbh ionadh leat go raghainn ’om bhá?
’s mara bhfaighfear fear fé Inid dom bead curtha sul dá dtiocfa’ an Cháisc”.

Agus fain go bhfaighidh mé húda dhuit gúna agus parasól,
Handerchief trí chúinne a mbeidh súile ann den bhfaisean nua,
Cuir búclaí id bhróga agus teannfaidh siad do chois i gcóir
Agus gheobhaidh tú buachaill ceansa gan amhras a chailín óig”.

Nach maith a fuaireabhar fear do Shíle a raibh caoire aige agus ba go leor,
Ní bhfaighinnse an gamhainín buí uaibh ’á laghad é ná lua’ na mbróg,
Thá an habit shirt gan ní le trí mhí agam de dheasca’ soap,
Is mar a mheasaim sin ní bhfaighidh mé uaibh saibhreas ná fear go deo”.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Clois Ó Cadhla, L. Amhráin ó Shliabh gCua, RTÉ; 2000.