A cappella

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is nath Iodáilis é a cappella a chiallaíonn "de réir nós an tséipéil". Is taibhiú saothar ceoil ilfhónach le guthanna neamhthionlactha é a cappella. Bhain sé le ceol naofa ar dtús ach baineann sé le ceol saolta freisin anois.

Chuireadh tús le ceol a cappella nuair a bhí an cumadóir Josquin des Prez ar an saol ag deireadh an 15ú haois, agus bhí sé i mbarr a réime le Palestrina ag deireadh an 16ú haois sa cheol a scríobh sé don Séipéal Sistíneach sa Vatacáin. Mar gheall nár scríobhadh páirteanna ionstraimeacha neamhspleácha, shíl lucht léinn áirithe gur chan an cór gan tionlacan, ach tá cruthúnas ann anois gur seinneadh órgán nó uirlis cheoil eile nuair a bhí an cór ag canadh. Seinneadh roinnt de na páirteanna a chan an cór nó seinneadh iad uile. Faoin am a bhí an 17ú haois ann, bhí ceol cantata ag fáil an lámh in uachtar ar cheol a cappella. Is nós ceoil é cantata a scríobhtar páirteanna faoi leith d'uirlisí ceoil mar aon le guthanna.