A Man for All Seasons

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dráma is ea A Man for All Seasons leis an dramadóir Sasanach Robert Bolt. Déantar cur síos sa dráma seo ar chás Thomas More, agus é ag iarraidh gan géilleadh d'fhorlámhas an Rí Anraí VIII ar an Eaglais Chaitliceach i Sasana, san 16ú haois. Cé gur cur síos drámata é an dráma seo, tá sé bunaithe ar chuid mhaithe dá raibh á rá agus á scríobh ag More go stairiúil. Rinneadh scannán de sa bhliain 1966, le Paul Scofield i bpáirt More, agus bhí Robert Bolt féin páirteach in ullmhú an scéil mar scannán. Thuill an scannán slám mór de ghradaim an Acadaimh.