Úsáideoir:Nmacu/tionscnamh Séadchomharthaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eagrófar aonach eagarthóireachta don Vicipéid ar an Aoine, 7 Samhain ó 09.00 go 13.00 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is í an aidhm atá leis an aonach ná luach na Vicipéide mar acmhainn eolais agus foghlama a léiriú agus le caighdéan na Vicipéide a fheabhsú trí mhic léinn atá ag plé le haistriúchán na Gaeilge a spreagadh le páirt a ghlacadh san ócáid. Is é an téama atá ag an aonach ná Séadchomharthaí Náisiúnta na hÉireann agus táthar ag súil le go gcruthófar leathanaigh nua agus go gcuirfear feabhas le leathanaigh atá ann cheana. Roghnaíodh an téama seo de bharr na hoibre atá déanta cheana ag Comhphobal Wikimedia na hÉireann le comórtas idirnáisiúnta grianghrafadóireachta leis an téama céanna.

Tá an ócáid á eagrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus CELT san Ollscoil i gcomhar le Wikimedia Ireland Community le Shannon Eichelberger mar an traenálaí le tacaíocht lóistíochúil ó Wikimedia UK.

Rannpháirtithe (ar an láthair)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iarrtar ar rannpháirtithe cuntas Vicipéide a chruthú más féidir. Ní theastaíonn ach: ainm úsáideora, pasfhocal (moltar seoladh rphost a sholáthar freisin - ar fhaitíos go ndéantar dearmad ar an bpasfhocal).

Cuir d'ainm leis an liosta thíos ag úsáid an uirlis sínithe nó ag úsaid ~~~~

  1. Sameichel (talk) 09:56, 28 October 2014 (UTC)
  2. Worhello (talk) 11:03, 7 Samhain 2014 (UTC)

Rannpháirtithe (ar-líne)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fáilte roimh rannpháirtithe ar-líne ó áit ar bith, bíodh taithí agat nó ná bíodh. Tá rang teagaisc ar bhunús na heagarthóireachta anseo Wikipedia:Tutorial, agus anseo Wikipedia:Ten Simple Rules for Editing Wikipedia ... nó bain triail as an ceann seo i bhfoirm 4 mhodúl agus a mhaireann ar feadh uair an chloig (is cosúil) Wikipedia:Training/For_students. Tá fáilte roimh rannpháirtithe (ar-líne) a gcuid ainmneacha a chur leis an liostaa anseo ag úsáid # ~~~~

Na hailt atá sé i gceist ag mic léinn oibriú orthu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nóta: Níl liosta cuimsitheach de na séadchomharthaí ar fáil i nGaeilge faoi láthair mar atá don Bhéarla. Tá sé i gceist mar cuid den tionscnamh seo an liosta sin a fhorbairt ar an Vicipéid.

Ailt a bheidh rannpháirtithe eile ag oibriú orthu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lucht Cúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má tá go leor taithí agat leis an Vicipéid agus tá suim agat cúnamh a thabhairt, sínigh anseo thíos le do thoil.

Rochtain mhíchumais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]