Úsáideoir:Meabhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dia dhaoibh ar fud an domhain.
Is Gael mé, a tógadh in Éirinn sa Ghaeltacht. Mar sin féin, tógadh le Gaeilge mé. ---- Roinnt moltaí agam ionas go ndéanfaí dul ar aghaidh le Vicipéid na Gaeilge - níl rath air an dtogra dar liom, ar chúinsí éagsúla:

  • Breac síos do chuid tuairimí ar stair, taisteal, srl. Táim beagnach cinnte go rinneas féin mór-bhotúin, mar shampla, im' chuid iarrachtaí sa stair, ach ceartóidh mé féin nó duine éigin eile ar deireadh iad.
  • Bíodh misneach againn! Nuair a thosaíos ar an Vicipéid ag deireadh mí Iúil 2004, bhí tuairim is 80 alt againn. Ag deireadh Mheáin Fómhair, mar a bhíos ag súil, bhí 300 againn!
  • Tá an-eolas ar rudaí Gaelacha i Wikipedia an Bhéarla freisin - aistriúcháin ar ainmneacha bailte, stair, srl.
  • Nach mbeadh sé go deas dá mbeadh roinnt oideachais againn ar an nGaeilge. Fch ar cheannleathanach na Breatnaise (Cymraeg) maidir leis na naisc breátha atá ann. Curtha in eagar - Meabhar 13:24, 5 Lúnasa 2006 (UTC)