Úsáideoir:MALA2009/Meiriceá Theas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meiriceá Theas

Is í Meiriceá Theas an ilchríoch dheisceartach de Chríocha Mheiriceá, agus tá sí suite go hiomlán sa Leathsféar Thiar leis an gcuid is mó di sa Leathsféar Theas. Tá cuid réasúnta bheag di sa Leathsféar Thuaidh. Tá teorainneacha aici ar an iarthar leis an Aigéan Ciúin, agus ar an tuaisceart agus ar an oirthear leis an Aigéan Atlantach. Tá Meiriceá Thuaidh agus Muir Chairib suite ar an iarthuaisceart.

D’ainmnigh na cartagrafaithe Martin Waldseemüller agus Matthias Ringmann an ilchríoch Meiriceá Theas sa bhliain 1507 as Amerigo Vespucci ― an chéad Eorpach a thug le tuiscint nárbh iad na hIndiacha Thoir a bhí ann ar chor ar bith ach Domhan Nua nach raibh ar eolas ag na hEorpaigh.

achar 17,840,000 km² (6,890,000 míle²) ag Meiriceá Theas, nó beagnach 3.5% de dhromchla iomlán an Domhain. Mar a bhí in 2005, measadh an daonra ar bhreis agus 371,090,000. Tá Meiriceá Theas rangaithe sa cheathrú háit ó thaobh achair de (i ndiaidh na hÁise, na hAfraice agus |Mheiriceá Thuaidh) agus sa chúigiú háit ó thaobh daonra de (i ndiaidh na hÁise, na hAfraice, na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh).

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Grianghraf ilchodach rilífe de Mheiriceá Theas.
Gaineamhlach Atacama.

Clúdaíonn Meiriceá Theas mórchuid dheisceartach na mórchríche ar a dtugtar, de ghnáth, an Domhan Nua, an Leathsféar Thiar, Críocha Mheiriceá, nó Meiriceá lom (a gceaptar ina ilchríoch amháin uaireanta le Meiriceá Theas ina fho-ilchríoch). Go ginearálta, déantar an ilchríoch a theormharcáil ar an iarthuaisceart ag dobhardhroim Darién feadh theorainn na Colóime-Phanama, nó (de réir foinsí áirithe) ag Canáil Phanama a théann trí Chuing Phanama. Ó thaobh na geopholaitíochta agus na tíreolaíochta de, cuimsítear Panama ar fad – lena n-áirítear an chuid atá soir ó Chanáil Phanama sa chuing – i Meiriceá Thuaidh amháin agus i measc thíortha Mheiriceá Láir. Tá mórthír Mheiriceá Theas ar fad, beagnach, suite ar Phláta Mheiriceá Theas.

Tá cuid mhaith de hoileáin Mhuir Chairib (nó Oiléain na nIndiacha Thiar) ─ Oileán na Fothana agus na hAintillí Beaga mar shampla ─ suite ar Phláta an Chairibigh. Is pláta teicteonach é sin le topagrafaíocht idirleata. Tá Aruba, Barbadós, Oileán na Tríonóide agus Tobága suite ar scairbh ilchríochach thuaisceartach Mheiriceá Theas. Tá Aintillí na hÍsiltíre agus spleáchais fheidearálacha Veiniséala suite feadh Mheiriceá Theas thuaisceartaigh. Ó thaobh na geopholaitíochta de, déantar na stáit oileánacha agus na críocha thar lear a ghrúpáil mar chuid nó mar fhoréigiún de Mheiriceá Thuaidh. Glaoitear Meiriceá Theas Cairibeach ar náisiúin Mheiriceá Theas a bhfuil teorainneacha acu le Muir Chairib ─ lena n-áirítear an Cholóim, Veiniséala, an Ghuáin, Suranam agus Guáin na Fraince. I measc na n-oileán eile tá Galápagos, ar le hEacuadór iad, Oileán na Cásca (atá san Aigéine ach ar leis an tSile é), Oileán Robinson Crusoe, Chiloé agus Tierra del Fuego.

Páirc Náisiúnta Torres del Paine sa tSile.
Na hAindéis

Is i Meiriceá Theas atá an t-eas is airde ar domhan, Eas Angel i Veiniséala; an abhainn is faide (de réir toirte), an Amasóin; an sliabhraon is faide, na hAindéis (agus is é an sliabh is airde dá chuid ná Sliabh Aconcagua atá 6,962m ar airde (22,841 troigh); an áit is tirime ar domhan, Gaineamhlach Atacama; an fhoraois bháistí is mó, Foraois Bháistí na hAmasóine; an phríomhchathair is airde, an Pás sa Bholaiv; an loch inseolta tráchtála is airde ar domhan, Loch Titicaca; agus, seachas na stáisiúin taighde in Antartaice, an pobal buanáitrithe is faide ó dheas, Puerto Toro sa tSile.

Llanos.

Is iad ór, airgead, copar, amhiarann, stán, agus ola príomhacmhainní mianra Mheiriceá Theas. Tá ioncam ard saothraithe ag tíortha Mheiriceá Theas ó na n-acmhainní flúirseacha, go háirithe le linn cogaidh nó fás tapa geilleagrach i dtíortha tionsclaithe i mball eile. Cuirtear bac ar fhorbairt ar gheilleagair éagsúla, áfach, mar thoradh ar an tús áite a thugtar d’earra onnmhaire móire amháin. De bharr luaineacht dhosheachanta i bpraghas earraí ar na margaí idirnáisiúnta, bhí buaiceanna agus íosphointí suntasacha i ngeilleagar stáit Mheiriceá Theas san am a chuaigh thart, rud a chruthaigh éagobhsaíocht pholaitiúil thar cuimse. Táthar, mar sin, ag cur le hiarrachtaí a gcuid táirgeachta a éagsúlú anois chun geilleagar a dhíríonn ar onnmhaire mhór amháin a sheachaint.

Tá Meiriceá Theas ar cheann de na hilchríocha is bithéagsúla ar domhan leis an eas is airde, an gaineamhlach is tirime, an réileán salainn is mó, an abhainn is faide, an dara binn is airde agus an fhoraois bháistí is mó. Tá cónaí ar chuid mhaith speiceas ainmhithe suimiúla uathúla i Meiriceá Theas, lena n-áirítear an láma, an t-anacanda, an piorána, an t-iaguar, an viciúna agus an taipir. Tá leibhéal ard bithéagsúlachta i bhforaoisí báistí na hAmasóine, a chuimsíonn mórchuid de speicis an Domhain. Tá an Bhrasaíl i bhfad níos mó ná aon tír eile i Meiriceá Theas, ó thaobh achair agus daonra de. Áirítear Stáit na nAindéas, na Guáineacha, an Cón Deisceartach agus an Bhrasaíl ar réigiúin Mheiriceá Theas.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An borradh faoin talmhaíocht agus faoi cheansú ainmhithe.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cueva de las Manos, nó 'Pluais na Lámh', pluais réamhstairiúil san Airgintín.
Péire alpacaí gar do láthair adhlactha Inceach i bPeiriú.

Meastar gurbh é Meiriceá Theas an chéad áit a raibh cónaí ar dhaoine a thrasnaigh Droichead Talún Bheiring, nó Caolas Bheiring mar a thugtar atá anois. Ní réitíonn roinnt fionnachtana seandálaíochta leis an teoiric sin agus, mar thoradh air sin, tá teoiric eile ann maidir le Meiriceánaigh Bhundúchasacha Réamh-Sibéaracha. Is le tréimhse thart ar 6500 RC a bhaineann an chéad chruthúnas go raibh cleachtais talmhaíochta ar siúl i Meiriceá Theas, nuair a saothraíodh prátaí, cillí agus pónairí mar bhia den chéad uair in ardchríocha Abhantrach na hAmasóine. Tugann fianaise chriadóireachta le fios gur saothraíodh casabhac chomh fada siar le 2000 RC, agus tá sé ina phríomhbhia fós sa lá atá inniu ann.

Faoi 2000 RC, bhí cuid mhaith pobal talúntais sráidbhailteach lonnaithe ar fud na nAindéas agus na gceantar reiligiúnach máguaird. Ba chleachtas forleathan í an iascaireacht feadh an chósta, rud a chuir le hiasc a bhunú mar phríomhfhoinse bia. Forbraíodh córais uiscithe thart faoin am sin freisin, a chabhraigh le borradh na sochaí talúntais.

Thart ar 3500 RC, thosaigh pobail Mheiriceá Theas ag ceansú lámaí, viciúinní, guanácónna agus alpacaí in ardchríocha na nAindéas. Chomh maith leis an úsáid a baineadh astu le haghaidh feola agus olla, úsáideadh na hainmhithe sin chun earraí a iompar. Is féidir le láma uasualach de 40 kg a iompar.

Sibhialtachtaí Réamh-Cholómacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fothracha Machu Picchu na nInceach.

Ligeadh do shibhialtachtaí iolracha forluiteacha i Meiriceá Theas a thosú mar thoradh ar bhorradh na talmhaíochta, agus ar theacht chun cinn na lonnaíochtaí buana daonra ina dhiaidh sin.

Ba é an lonnaíocht agus an cultúr ba luaithe atá ar eolas i Meiriceá Theas, agus i gCríocha Mheiriceá i gcoitinne, ná an Valdivia ar chósta oirdheisceartach Eacuadóir.

Mama Ocllo agus Manco Capac ─ na pearsanra is tábhachtaí i miotaseolaíocht na nInceach.

Go bhfios dúinn, ba é an tsibhialtacht ba luaithe i Meiriceá Theas an tsibhialtacht ag Norte Chico i lár Chósta Pheiriú. Cé gur cultúr réamhchriaga é, bhí ailtireacht leachtanna Norte Chico i gcomhaimsir le pirimidí na Sean-Éigipte. Bhunaigh na Chavín líonra trádála agus d’fhorbair siad talmhaíocht faoin mbliain 900 RC, dar le meastacháin agus le fionnachtana seandálaíochta áirithe. Fuarthas déantúsáin ag láthair darbh ainm Chavín de Huantar i bPeiriú nua-aimseartha atá 3,177 méadar ar airde. Mhair an tsibhialtacht Chavín ó 900 RC go 300 RC.

Ba iad na Muíoscaigh an phríomhshibhialtacht dhúchasach san áit a bhfuil an Cholóim sa lá atá inniu ann. Bhunaigh siad cónaidhm de chuid mhaith finte, nó cacicazgos, a raibh líonra saorthrádála acu i measc a chéile. Ba ghaibhne óir agus feirmeoirí iad.

Áirítear ar na cultúir thábhachtacha Réamh-Cholómacha eile: Móitsíceach (100 RC – 700 AD, ar chósta thuaidh Pheiriú); Tiahuanacó nó Tiwanaku (100 RC – 1200 AD, an Bholaiv); treibh Cañar (i ndeisceart láir Eacuadóir), Paracaigh agus Sibhialtacht Nazca (400 RC – 800 AD, Peiriú); Impireacht Wari nó Huari (600 – 1200, lár agus tuaisceart Pheiriú); Impireacht Shíomúigh (1300 – 1470, cósta thuaidh Pheiriú); treibh Chachapoyas; agus na ríochtaí Aymaran (1000 – 1450, an Bholaiv agus Peiriú theas).

Agus a bpríomhchathair acu sa chathair mhór sin ar chruth an chúgair, Cuscó, bhí forlámhas ag sibhialtacht na nInceach ar réigiún na nAindéas ó 1438 go 1533. Ba shibhialtacht shuaithní ardfhorbartha iad na hIncigh ar a dtugtar Tawantin suyu nó “dúiche na gceithre réigiún” i gCeatsuais. Bhí beagnach 100 pobal teangeolaíoch nó eitneach faoi smacht na nInceach; bhí idir naoi agus ceithre mhilliún déag duine nasctha le chéile ag córas bóthair 25,000 km. Tógadh cathracha le hobair chloiche bheacht gan samhail agus bhí siad suite ar chuid mhaith leibhéal de thalamh sléibhe. Baineadh úsáid as an bhfeirmeoireacht léibhinn mar fhoirm talmhaíochta. Tá fianaise ann go ndearnadh gaibhneacht thar cionn agus, fiú amháin, go raibh rath ar mháinliacht inchinne i sibhialtacht na nInceach.

Coilíniú Eorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pictiúr de Mestizo, in “Pintura de Castas” sa ré choilíneach. “From Spaniard and Amerindian woman, begets Mestizo”.
Radharc Caracas in 1839. Ba chathair álainn choilíneach le díonta déanta as leacáin dhearga í tráth, ach anois is cathair ghríobháin ilstóraigh í.


Sa bhliain 1494, rinne an Phortaingéil agus an Spáinn, an dá mhórchumhacht mhuirí san am sin, agus iad ag súil le tailte nua a fhionnadh san iarthar, Conradh Tordesillas a shíniú. Aontaíodh sa Chonradh sin go mbeadh an talamh ar fad lasmuigh den Eoraip ina dé-oplacht eisiach idir an dá thír.

Bhunaigh an Conradh líne shamhailteach ar fhadlíne thuaidh-theas 370 léig siar ó Oileáin Rinn Verde, thart ar 46° 37' W. De réir an chonartha, bheadh an talamh ar fad taobh thiar den líne (a chuimsigh an chuid ba mhó d’ithir Mheiriceá Theas de réir eolais) faoi úinéireacht na Spáinne, agus bheadh an talamh ar fad taobh thoir den líne faoi úinéireacht na Portaingéile. Ós rud é nach raibh toisí beachta de dhomhanfhad indéanta san am sin, níor cuireadh an líne i bhfeidhm go docht agus, dá bharr sin, chuaigh an Phortaingéil thar an fhadlíne ag leathnú na Brasaíle.

Ag tosú sna 1530idí, rinne conquistadores eachtracha, ón Spáinn ar dtús agus ansin ón bPortaingéil, dúshaothrú leanúnach ar dhaoine agus ar acmhainní nádúrtha Mheiriceá Theas. D’éiligh na náisiúin choilíneacha iomaíocha sin an talamh agus na hacmhainní dóibh féin agus roinn siad an talamh ina coilíneachtaí.

Ní raibh imdhíonacht ag na daonraí dúchasacha ar ghalair thógálacha Eorpacha (bolgach, fliú, bruitíneach agus tífeas). Rinne sé sin, i dteannta córais oibre éigeantais ar nós haciendas agus mita an tionscail mhianadóireachta, cuid mhór den daonra dúchasach a mhilleadh nuair a bhíothas faoi smacht na Spáinneach.

Tugadh líon mór sclábhaithe isteach ón Afraic ar feadh roinnt céadta mar gheall ar chúiseanna éagsúla, idir pholaitiúla agus gheilleagracha. Ba é an phríomhchúis a bhí leis, áfach, go raibh siad in ann an daorobair, ar nós na hoibre ar na plandálacha cána siúcra agus mianadóireacht óir, a dhéanamh i bhfad ní b’fhearr ná na dúchasaigh Meiriceánacha san aeráid theochreasach.

Bhí na Spáinnigh meáite ar Chríostaithe a dhéanamh dá ngéillsinigh dhúchasacha agus rinne siad aon chleachtas dúchasach a chuir isteach ar an sprioc sin a phurgú gan mhoill. Ní raibh rath iomlán ar na chéadiarrachtaí a rinneadh mar gur chumaisc na grúpaí dúchasacha an Caitliceachas le híolacht thraidisiúnta agus a gcreideamh ildiach. Chomh maith leis sin, leag na Spáinnigh a dteanga orthu a mhéid is a leag siad a gcreideamh, ach, leoga, chuir soiscéalaíocht na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí i gCeatsuais, in Aymara agus i nGuaráinis le húsáid leanúnach na dteangacha dúchasacha sin, cé gur fhoirm bhéil amháin a bhí i gceist.

Faoi dheireadh, tháinig na dúchasaigh agus na Spáinnigh lena chéile, rud a chruthaigh aicme mestizo. Go bunúsach, tháinig na mestizos uile i réigiún na nAindéas ó mháithreacha Meiriceá-Indiacha agus ó aithreacha Spáinneacha. Go minic, cuireadh iallach ar na mestizos agus ar na dúchasaigh Indiacha cánacha móra a íoc le coróin na Spáinne agus gearradh pionós ní ba ghéire orthu as an dlí a bhriseadh.

Mhill taiscéalaithe Spáinneacha obair ealaíne na ndúchasach mar go raibh siad den tuairim gur dhéithe bréagacha págánacha iad. Áiríodh orthu sin cuid mhaith dealbh óir agus airgid, agus déantúsáin eile a fuarthas i Meiriceá Theas, agus a leádh sular iompraíodh chuig an Spáinn nó chuig an bPortaingéil iad.

Bhí an Ghuáin ina coilíneacht Phortaingéalach ar dtús, ina coilíneacht Dhúitseach ansin agus, ar deireadh, ina coilíneacht Bhriotanach. Uair amháin, bhí an tír roinnte ina trí chuid le gach cuid faoi smacht ceann de na trí chumhacht choilíneacha go dtí gur ghabh na Briotanaigh an chumhacht ar fad ar deireadh.

Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil den Ghuáin, 1598, le Hondius.

Bhain spleáchríocha Choróin na Spáinne i Meiriceá Theas a neamhspleáchas amach idir 1804 agus 1824 i gCogaí Saoirse Mheiriceá Theas. Ba iad Simón Bolívar as Veiniséala agus José de San Martín as an Airgintín na ceannairí ba thábhachtaí i gcoimhlintí an neamhspleáchais. Bhí Bolívar i gceannas ar éirí amach mór i dtuaisceart Mheiriceá Theas agus stiúir sé a arm ó dheas ansin i dtreo phríomhchathair chríoch Fhear Ionaid an Rí i bPeiriú, Líoma. Idir an dá linn, stiúir San Martín arm ó chríoch Fhear Ionaid an Rí, Rio de la Plata, trasna na nAindéas agus bhuail siad leis an nGinearál Bernardo O’Higgins sa tSile. Mháirseáil siad ó thuaidh ansin chun tacaíocht mhíleata a fháil ó reibiliúnaigh éagsúla ó chríoch Fhear Ionaid an Rí, Peiriú. Bhuail an dá arm le chéile i ndeireadh na dála in Guayaquil, Eacuadór, inar sháinnigh siad Arm Ríoga Choróin na Spáinne agus inar chuir siad brú orthu géilleadh.

Sa Bhrasaíl, i gcoilíneacht de chuid na Portaingéile, d’fhógair Dom Pedro I (ar a dtugadh Pedro IV na Portaingéile freisin), mac Dom João VI, rí na Portaingéile, neamhspleáchas na tíre i 1822 agus bhí sé ina chéad Impire ar an mBrasaíl. Ghabh coróin na Portaingéile leis sin gan agó.

Cé go ndearna Bolívar iarracht codanna na hilchríche ina raibh an Spáinnis á labhairt a thabhairt le chéile go polaitiúil in “Gran Colombia”, d’fhorbair siad go tapa mar stáit neamhspleácha gan naisc pholaitiúla eatarthu, d’ainneoin iarrachtaí a tháinig ní ba dhéanaí ar nós Chónaidhm Pheiriú-na Bolaive.

Níor bhain roinnt tíortha a neamhspleáchas amach go dtí an fichiú haois:

  • Bhain an Ghuáin a neamhspleachás amach ón Ríocht Aontaithe i 1966
  • Bhain Suranam a neamhspleáchas amach ó smacht na nDúitseach i 1975

Sa bhliain 2008, bhí Guáin na Fraince fós ina chuid den Fhrainc, agus bhí príomhphort spáis Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa lonnaithe inti.

Stair dhéanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraíonn Eva Perón le muintir na hAirgintíne.

Bhí an ilchríoch mar láthair chatha le linn an Chogaidh Fhuair san fhichiú haois dhéanach. Rinne deachtóireachtaí míleata a bhain leis na Stáit Aontaithe cuid de rialtais na hAirgintíne, na Brasaíle, na Sile agus Uragua a threascairt sna 1960idí agus sna 1970idí. Chun frithbheart a chiorrú, choimeád a rialtais na mílte príosúnach polaitiúil. Céasadh agus/nó maraíodh cuid mhaith díobh (chun teacht ar eolas faoi chomhoibriú idirstáit, féach Oibríocht Condor). Ó thaobh an gheilleagair de, chuir siad tús le hathrú go beartais gheilleagracha nualiobrálacha. Mhínigh siad a mbearta féin le dúnghaois “Slándála Náisiúnta” Chogadh Fuar na Stát Aontaithe in aghaidh na treascartha inmheánaí. I rith na 1980idí agus na 1990idí, bhí Peiriú thíos le coimhlint inmheánach (féach Gluaiseacht Réabhlóideach Túpac Amaru agus Sendero Luminoso (an Bealach Lonrach)).

Faoi láthair, tá coimhlint inmheánach ar siúl sa Cholóim a thosaigh sa bhliain 1964 nuair a cruthaíodh treallchogaithe Marxacha (FARC-EP). Tá baint ag roinnt grúpaí armáilte mídhleathacha le hidé-eolaíocht atá claonta chun na clé, mar aon le hairm phríobháideacha tiarnaí drugaí, leis an gcoimhlint anois. Bhí gluaiseachtaí réabhlóideacha agus deachtóireachtaí míleata na heite deise coitianta tar éis an Dara Chogaidh Dhomhanda, ach ó na 1980idí i leith tá an daonlathas ag scaipeadh ar fud na hilchríche agus tá an riail dhaonlathach forleathan anois.

D’ainneoin sin, tá líomhaintí éillithe an-choitianta go fóill, agus tháinig géarchéimeanna chun cinn i roinnt tíortha ina cuireadh brú ar na rialtais éirí as cumhacht. Den chuid is mó, áfach, is é an gnáthchomharbas sibhialtach atá ag dul ar aghaidh go dtí seo.

Ba ghéarfhadhb é an féichiúnas idirnáisiúnta sna 1980idí déanacha. D’ainneoin go bhfuil daonlathais láidir iontu, níl na hinstitiúidí polaitiúla stáit a theastaíonn bunaithe i roinnt tíortha chun géarchéimeanna dá leithéid a láimhseáil gan dul i muinín na mbeartas geilleagrach neamhghnách, faoi mar a léirigh mainneachtain na hAirgintíne go luath sa 21ú haois.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéim na réigiún agus na bhforéigiún geografach a úsáideann Roinn Staitisticí na Náisiún Aontaithe.
Bratach Aontas Náisiúin Mheiriceá Theas.

I gcaitheamh dheich mbliana tosaigh an 21ú haois, is i dtreo na heite clé atá rialtais Mheiriceá Theas ag claonadh ó thaobh na polaitíochta de, agus toghadh ceannairí sóisialacha sa tSile, Uragua, an Bhrasaíl, an Airgintín, Eacuadór, an Bholaiv, Paragua agus i Veiniséala. D’ainneoin na gluaiseachta ar clé, cuimsíonn Meiriceá Theas beartais saormhargaidh go fóill den chuid is mó, agus tá sé gníomhach ag iarraidh níos mó de chomhtháthú ilchríochach a bhaint amach.

Le déanaí, bunaíodh gníomhaireacht idir-rialtasach a bhfuil mar aidhm aici an dá aontas custaim reatha a chumasc: Mercosur agus Pobal na nAindéas, cruthú an tríú bloc trádála is mó ar domhan. Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht nua pholaitiúil sin, UNASUR (Aontas Náisiúin Mheiriceá Theas), saoirse aistrithe daoine, forbairt gheilleagrach agus comhbheartas cosanta a bhunú, chomh maith le táillí a dhíothú.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar thoradh ar bhoilsciú ard i mbeagnach gach tír i Meiriceá Theas le fada, bíonn rátaí úis arda ann agus, mar sin, ní dhéantar mórán infheistithe ann. De ghnáth bíonn rátaí úis a dhá oiread chomh hard le rátaí úis na Stát Aontaithe. Mar shampla, tá rátaí úis tuairim agus 22% i Veiniséala agus 23% i Suranam. Is í an tSile an eisceacht, tír atá ag cur beartais gheilleagracha saormhargaidh i bhfeidhm ónar bunaíodh deachtóireacht mhíleata i 1973, agus a mhéadaigh a caiteachas sóisialta ónar athbhunaíodh an riail dhaonlathach go luath sna 1990idí. Tá cobhsaíocht gheilleagrach agus rátaí úis aondigite ísle aici dá bharr.

Braitheann Meiriceá Theas go mór ar onnmhairiú earraí agus acmhainní nádúrtha. Ar bhonn ráta malairte, tá an Bhrasaíl (an seachtú geilleagar is mó ar domhan agus an dara geilleagar is mó i Meiriceá) chun tosaigh ó thaobh onnmhairí de le $137.8 billiún, roimh an tSile le $58.12 billiún agus an Airgintín le $46.46 billiún.

Meastar go bhfuil an bhearna gheilleagrach idir na daoine saibhre agus na bochtáin níos mó i Meiriceá Theas ná mar atá sé i bhformhór na n-ilchríoch eile. I Veiniséala, i Paragua, sa Bholaiv, agus i roinnt mhaith tíortha eile i Meiriceá Theas, is féidir le breis agus 60% de shaibhreas an náisiúin a bheith i seilbh 20% de na daoine is saibhre, fad agus nach bhfuil ach 5% nó níos lú i seilbh 20% de na daoine is boichte. Is féidir an bhearna mhór sin a fheiceáil i gcathracha móra Mheiriceá Theas ina mbíonn slumaí agus seantáin seifte in aice le hilstóraigh agus árasáin uasaicmeacha ghalánta.

Ag tús mhí Lúnasa 2008, labhair uachtarán Veiniséala, Hugo Chavez, agus a chomhghleacaithe ón mBrasaíl agus ón Airgintín faoi chomhtháthú Mheiriceá Laidinigh. Ag an am sin, mhol Chavez smaoineamh uaillmhianach; mhol sé iarnród a thógáil a nascfadh príomhchathair Veiniséala, Caracas, le Buenos Aires na hAirgintíne agus roinnt cathracha idir eatarthu.

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá méadú ag teacht ar thábhacht na turasóireachta mar fhoinse ioncaim i gcuid mhaith tíortha i Meiriceá Theas. Áirítear iarsmaí stairiúla, iontais ailtireachta agus nádúrtha, réimse leathan bia agus cultúir, cathracha beoga dathúla agus tírdhreacha sciamhacha ar na rudaí a mheallann na milliún turasóir chuig Meiriceá Theas gach bliain. Tá Machu Picchu, Foraois Bháistí na hAmasóine, Rio de Janeiro, Buenos Aires,Eas Angel, Cuscó, Peiriú, Loch Titicaca, an Phatagóin, Cartagena agus Galápagos ar na háiteanna is mó díol spéise do thurasóirí sa réigiún.

Cultúr agus teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teangacha rómánsacha i Meiriceá Laidineach: Glas – An Spáinnis; Oráiste – An Phortaingéilis; Gorm – An Fhraincis
Fiesta in Palenque. Traidisiún Afra-Cholómach ó San Basilio de Palenque; Sárshaothar d’Oidhreacht Bhéil agus Dhobhraite an Chine Dhaonna ó 2005.

Is í an Phortaingéilis agus an Spáinnis is mó a labhraítear i Meiriceá Theas ─ réigiún geografach atá mar chuid de mhór-réigiún cultúrtha Mheiriceá Laidinigh. Is í an Phortaingéilis teanga oifigiúil na Brasaíle, ina bhfuil breis agus 50% daonra Mheiriceá Theas. Is í an Spáinnis teanga oifigiúil an chuid is mó de thíortha na hilchríche. Is í an Ollainnis teanga oifigiúil Shuranam; is é an Béarla teanga oifigiúil na Guáine, cé go labhraítear dhá theanga dhéag eile ann ar a laghad ar nós na Hiondúise agus na hAraibise. Labhraítear Béarla ar Oileáin Fháclainne freisin. Is í an Fhraincis teanga oifigiúil Ghuáin na Fraince.

Áirítear ar theangacha dúchasacha Mheiriceá Theas an Cheatsuais in Eacuadór, i bPeiriú agus sa Bholaiv; Guaráinis i bParagua agus beagán de sa Bholaiv; Aymara sa Bholaiv, i bPeiriú, agus uaireanta sa tSile; agus labhraítear Mapúitsis i gceantair áirithe na Sile theas agus, go hannamh, san Airgintín. Aithnítear trí theanga dhúchasacha Mheiriceá Theas ar a laghad mar theangacha náisiúnta, i dteannta na Spáinnise (Ceatsuais in Eacuadór, i bPeiriú agus sa Bholaiv – Aymara freisin sa Bholaiv – agus Guaranis i bParagua).

Áirítear ar theangacha eile Mheiriceá Theas an Hiondúis agus an Indinéisis i Suranam, an Iodáilis san Airgintín, an Bhrasaíl, Urugua, Veiniséala agus an tSile; agus an Ghearmáinis i gceantair áirithe na hAirgintíne, na Sile, Veiniséala agus Pharagua. Labhraítear an Ghearmáinis i gcuid mhaith réigiún i stáit dheisceartacha na Brasaíle chomh maith, agus is í canúint Riograndenser Hunsrückisch an chanúint Ghearmánach is forleithne sa tír. Tá foirm Bhrasaíleach den Phomaránach go forleathan freisin agus tá sé i lár athbheochana. Labhraítear agus scríobhtar an Bhreatnais i mbailte stairiúla Trelew agus Rawson i bPatagóin na hAirgintíne. Tá grúpaí beaga de chainteoirí Seapáinise sa Bhrasaíl, an Bholaiv, an Cholóim, Paragua, Peiriú agus san Eacuadór freisin. Is féidir teacht ar chainteoirí Araibise i bpobail Arabacha sa Bhrasaíl, Eacuadór, Peiriú, an tSile, an Airgintín, an Cholóim agus i bParagua freisin, ach ní chomh minic céanna. Go minic is Liobánaigh, Siriaigh nó Palaistínigh iad ó bhunús.

I bhformhór de thíortha na hilchríche, déanann na huasaicmí agus na daoine léannta staidéar ar an mBéarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis nó an Iodáilis go minic, agus go hiondúil is siúlach an dream iad. Labhraítear an Béarla agus teangacha eile Eorpacha go minic sna ceantair sin ina bhfuil an turasóireacht ina tionscal suntasach. I ndeisceart na Brasaíle tá ceantair bheaga ina labhraítear an Spáinnis toisc go bhfuil sé chomh gar d’Uragua.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fíonlann Tapiz, suite in Mendoza. Is í an fíon an deoch is coitianta i Meiriceá Theas agus óltar é ar fud na hilchríche, go príomha de bharr na n-inimirceach Eorpach atá ann. Tagann an fíon is cáilíula ar domhain ón Airgintín agus ón tSile.

Tá cultúr saibhir ag daoine ó Mheiriceá Theas mar gheall ar an nasc stairiúil leis an Eoraip, go háirithe leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil, agus mar gheall ar thionchar an ollchultúir ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá réimse saibhir ceoil i náisiúin Mheiriceá Theas. Áirítear cumbia ón gColóim, samba agus bossa nova ón mBrasaíl, agus tangó ón Airgintín agus ó Uragua ar chuid de na seánraí is cáiliúla. Tá an ghluaiseacht Nueva Canción, seánra tíre neamhthráchtála, aithnidiúil freisin. Bunaíodh san Airgintín agus sa tSile í agus scaip sí go tapa ar fud Mheiriceá Laidinigh. Chruthaigh muintir chósta Pheiriú na dísrigh agus na tríréid ghiotáir agus cajon atá le fáil sa chuid is mó de rithimí mestizo (measctha) Mheiriceá Theas ar nós an Marinera (ó Líoma), an Tondero (ó Piura), an Válsa Crióil nó Válsa Pheiriú cáiliúil ón 19ú haois, an Arequipan Yaravi corraitheach, agus Guarania Pharagua ó thús an 20ú haois. Go déanach san 20ú haois, tháinig rac Spáinneach chun cinn san Airgintín, an tSile, an Cholóim, Peiriú agus Uragua i measc hipithe óga a bhí faoi thionchar phopcheol na Breataine agus rac Mheiriceá. Tá tionscal pop/rac Portaingéilis sa Bhrasaíl, mar aon le héagsúlacht mhór seánraí ceoil eile.

An réalta dhomhanda phop ón gColóim, Shakira.

Tá moladh suntasach faighte ag litríocht Mheiriceá Theas ó léirmheastóirí agus ón bpobal araon, go háirithe le Borradh Mheiriceá Laidinigh na 1960idí agus na 1970idí, agus dul chun cinn údar cosúil le Gabriel García Márquez le húrscéalta, agus Pablo Neruda agus Jorge Luis Borges le seánraí eile.

Mar thoradh ar an meascán leathan eitneach i Meiriceá Theas, tá cócaireacht Mheiriceá Theas faoi thionchar Afracach, Meiriceá-Indiach, Áiseach agus Eorpach. Tá clú ar leith ar Bahia sa Bhrasaíl as a chócaireacht atá faoi thionchar na hAfraice Thiar. Is minic a ólann muintir na hAirgintíne, na Sile, Uragua, na Brasaíle agus Veiniséala fíon, agus baineann muintir na hAirgintíne, Pharagua, Uragua agus daoine i ndeisceart na Sile agus na Brasaíle súp as mate ─ luibh a ghrúdaítear go réigiúnach chun deoch a dhéanamh di. Tá leagan Pharagua den deoch difriúil mar go n-óltar fuar í. Driogtar pisco ó fhíonchaora a fhásann i bPeiriú agus sa tSile. Tá agóid leanúnach ag dul ar aghaidh idir an dá thír maidir lena bhunús áfach. Meascann cócaireacht Pheiriú eilimintí de bhia na Síne, na Seapáine, na hAfraice, na nAindéas agus na hAmasóine le chéile.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ó bhunús na gciníocha Dúchasacha a tháinig formhór de dhaonra na Bolaive agus Pheiriú, cosúil leis na Ceatsuaigh agus an pobal Aymara, agus is cuid shuntasach iad i bhformhór réamhcoilíneachtaí eile na Spáinne. Is Eorpaigh ó bhunús iad formhór mhuintir na hAirgintíne, Uragua agus na Brasaíle (ach ní ag an leibhéal céanna), ina gcónaíonn an daonra is mó de Afra-Mheiriceánaigh Laidineacha. Tá an grúpa sin le feiceáil sa Cholóim, i Veiniséala agus in Eacuadór freisin. Is iad Mestizos (meascán de dhaoine geala agus daoine Meiriceá-Indiacha) an grúpa eitneach is mó i bParagua, an tSile, Veiniséala, an Cholóim agus in Eacuadór. Is é Suranam an t-aon tír i Meiriceá Theas ina bhfuil an grúpa daonra is mó ag na hÁisigh. Tá na pobail Sheapáineacha agus Shíneacha is mó i Meiriceá Theas sa Bhrasaíl, agus ina dhiaidh sin i bPeiriú.

Íomhá:Helvecia1.jpg
Cailíní de bhunús Eorpach in Uragua
Bean Pheiriúch agus leanbh Peiriúch de shliocht Dúchasach
Cailíní Brasaíleacha de bhunús Afracach


Tír nó críoch le bratach Achar (km²)(/míle²) Daonra (Iúil 2008- meastachán) Dlús daonra /km² Príomhchathair

  An Airgintín	 2,766,890 km² (1,068,302 míle²)	 40,677,348	 14,3/km² (37/míle²)	Buenos Aires
  An Bholaiv	 1,098,580 km² (424,164 míle²)	  9,247,816	 8.1/km² (21/míle²)	La Paz, Sucre
  An Bhrasaíl	 8,514,877 km² (3,287,612 míle²)	191,908,598	 22,0/km² (57/míle²)	Brasília
  An tSile	   756,950 km² (292,260 míle²)	 16,454,143	 21,1/km² (54,6/míle²)	Saintiagó
  An Cholóim	 1,138,910 km² (439,736 míle²)	 45,013,674	 37.7/km² (97,6/míle²)	Bogotá
  Eacuadór	   283,560 km² (109,483 míle²)	 13,927,650	 47.1/km² (122/míle²)	Quito
  Oileáin Fháclainne	    12,173 km² (4,700 míle²)	 2,967	 0.24/km² (0.6/míle²)	Stanley
  Guáin na Fraince (an Fhrainc)	    91,000 km² (35,135 míle²)	    209,000	 2.1/km² (5.4/míle²)	Cayenne
  Guyana	   214,970 km² (83,000 míle²)	    770,794	 3.6/km² (9.3/míle²)	Georgetown
  Paragua	   406,750 km² (157,047 míle²)	  6,347,884	 15,6/km² (40,4/míle²)	Asunción
  Peiriú	 1,285,220 km² (496,226 míle²)	 28,220,764	 21,7/km² (56,2/míle²)	Líoma
 An tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas (Ríocht Aontaithe)	     3,093 km² (1,194 míle²)	          20	 0/km² (0/míle²)	Grytviken
  Suranam	   163,270 km² (63,039 míle²)	    438,144	 2.7/km² (7/míle²)	Paramaribo
  Uragua	   176,220 km² (68,039 míle²)	  3,477,778	 19,4/km² (50,2/míle²)	Montevideo
  Veiniséala	   912,050 km² (352,144 míle²)	 26,414,815	 27,8/km² (72/míle²)	Caracas

Féach freisin: Liosta de thíortha Mheiriceá Theas de réir daonra


Ciníocha dúchasacha Alacalufe, Atacameños, Aymara, Awá Banawa, Cañaris, Caiapos, Chibcha Cocama, Diaguitas, Chayahuita, Enxet Gê, Guaraní, Juris, Mapuche Matsés, Pehuenche, Quechuas, Shipibo Shuar, Tupi, Xucuru, Urarina Yagua, Yąnomamö, Zaparos, Arawaks, Wai Wai