Úsáideoir:MALA2009/Charles Darwin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nádúraí Sasanach ba ea Charles Robert Darwin FRS (12 Feabhra 1809 – 19 Aibreán 1882), a thug faoi deara agus a léirchruthaigh go ndearna gach speiceas ar domhan éabhlóid ó shinsir choiteanna le himeacht aimsire tríd an bpróiseas ar thug sé an roghnú nádúrtha air. Le linn a shaoil, ghlac pobal na heolaíochta agus cuid mhaith den phobal i gcoitinne leis an bhfíoras go dtarlaíonn éabhlóid. Féachadh go forleathan ar a theoiric um roghnú nádúrtha mar an príomh-mhíniú don phróiseas éabhlóide sna 1930idí, agus is í an teoiric sin atá mar bhunús na teoirice nua-aimseartha éabhlóide anois. I bhfoirm mhionathraithe, is í fionnachtain eolaíochta Darwin teoiric aontaithe na n-eolaíochtaí beatha. Tugann sí míniú loighciúil ar éagsúlacht na beatha.

Nuair a bhí Darwin in Ollscoil Dhún Éideann, rinne sé faillí ina staidéar leighis chun mionscrúdú a dhéanamh ar inveirteabraigh mhuirí. Ansin spreag Ollscoil Cambridge dúil in eolaíocht nádúrtha. Ghnóthaigh sé cáil mar gheolaí ardchéimiúil de bharr an turas farraige a rinne sé ar HMS Beagle, turas a mhair cúig bliana. Thacaigh a chuid tuairimí agus teoiricí le smaointe aonfhoirmeachais Charles Lyell agus bhí an-cháil agus meas air mar údar tar éis fhoilsiú na dialainne a choimeád sé ar an turas. Chuaigh dáileadh geografach fiadúlra agus iontaisí a bhailigh sé ar an turas sa mhuileann air agus mar sin rinne Darwin mionscrúdú ar chlaochlú speiceas agus cheap sé a theoiric um roghnú nádúrtha sa bhliain 1838. Cé gur phléigh sé a chuid smaointe le go leor nádúraithe, bhí am ag teastáil uaidh le haghaidh taighde forleathan agus bhí a obair gheolaíoch mar thosaíocht aige. Bhí a theoiric á scríobh aige i 1858 nuair a sheol Alfred Russel Wallace aiste chuige a rinne cur síos ar an smaoineamh céanna. Dá bharr sin, rinne siad an dá theoiric dá gcuid a chomhfhoilsiú láithreach.

Bhunaigh an leabhar a scríobh sé i 1859, On the Origin of Species, síolrú éabhlóideach le mionathrú mar an príomh-mhíniú eolaíochta ar éagsúlú i nádúr. Rinne sé scrúdú ar éabhlóid an duine agus ar roghnú gnéasach in The Descent of Man, and Selection in Relation to Sex, agus ina dhiaidh sin in The Expression of the Emotions in Man and Animals. Foilsíodh a chuid taighde ar phlandaí i sraith leabhar, agus sa leabhar deireanach a scríobh sé, rinne sé scrúdú ar phéisteanna talún agus ar an éifeacht a bhíonn acu ar ithir.

Mar aitheantas ar dhearscnaitheacht Darwin, eagraíodh sochraid stáit dó. Níor tugadh an onóir sin ach do chúigear mór le rá sa naoú haois déag nár bhain leis an teaghlach ríoga sa Ríocht Aontaithe. Tá sé curtha in Westminster Abbey, gar do John Herschel agus do Isaac Newton.


Saol Darwin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Charles Darwin i 1816 agus é seacht mbliana d’aois.

Rugadh Charles Robert Darwin ina bhaile teaghlaigh, ‘The Mount’, in Shrewsbury, Shropshire, Sasana, an 12 Feabhra 1809. Ba é an cúigiú duine as seisear páistí a bhí ag an dochtúir rachmasach sochaí agus airgeadaí, Robert Darwin, agus Susannah Darwin (née Wedgwood). Garmhac le Erasmus Darwin ar thaobh a athar ba ea é, agus le Josiah Wedgwood ar thaobh a mháthar. Úinitéirigh ba ea formhór an dá theaghlach, cé go raibh muintir Wedgwood ag dul le hAnglacánachas. Thug Robert Darwin, a bhí ina shaorsmaointeoir ann féin, an leanbán Charles chun na hEaglaise Anglacánaí agus baisteadh ansin é, ach d’fhreastail Charles agus a shiblíní ar an eaglais Úinitéireach lena máthair. Bhí seanmóirí ón eaglais i gceannas ar an scoil lae agus i 1817, nuair a bhí Charles ocht mbliana d’aois, chuaigh sé chun na scoile sin. Faoin am sin, bhí suim aige i stair an dúlra agus i mbailiú cheana féin. Cailleadh a mháthair i mí Iúil na bliana sin. I mí Mheán Fómhair 1818, chuaigh sé lena dheartháir ní ba shine, Erasmus, mar dhalta cónaithe, chuig Scoil Anglacánach Shrewsbury a bhí in aice láithreach.

Sula ndeachaigh sé go hOllscoil Dhún Éideann, chaith Darwin samhradh na bliana 1825 ina ábhar dochtúra, agus é ag cabhrú lena athair ag cur cóireála ar dhaoine bochta Shropshire. Cheap sé go raibh na léachtaí leadránach agus ba dhoghrainneach í an mháinliacht dó. Mar sin, rinne sé faillí ina staidéar leighis. D’fhoghlaim sé ceird na seitheadóireachta ó John Edmonstone, sclábhaí gorm saortha a chuaigh le Charles Waterton chuig foraois bháistí Mheiriceá Theas, agus ba mhinic a shuigh sé leis an bhfear sin a bhí, dar leis, an-lách agus éirimiúil.

Nuair a bhí Darwin sa dara bliain chuaigh sé sa Chumann Pliniach, grúpa mac léinn um stair an dúlra, a raibh díospóireachtaí fánacha acu ar an ábharachas radacach. Chuidigh sé le mionscrúduithe Robert Edmunt Grant ar anatamaíocht agus ar shaolré inveirteabrach muirí in Inbhear Foirthe, agus i Márta na bliana 1827 chuir sé a fhionnachtain féin i láthair ag an gCumann Pliniach, gurbh uibheacha súmaire sciata iad na spóir dhubha a fuarthas i sliogáin oisrí. Lá amháin, mhol Grant smaointe éabhlóide Lamarck. Bhí iontas ar Darwin, ach bhí sé tar éis smaointe cosúla a sheanathar, Erasmus, a léamh ó chianaibh agus ba chuma leis fúthu fós. Bhí Darwin bréan de chúrsa stair an dúlra de chuid Robert Jameson, a chuimsigh staidéar ar an ngeolaíocht, an plé idir an Neiptiúnachas agus an Plútónachas san áireamh. D’fhoghlaim sé maidir le rangú plandaí, agus chuidigh sé le hobair ar bhailiúcháin Iarsmalann na hOllscoile, ceann de na hiarsmalanna ba mhó san Eoraip an tráth sin.

Chuir an fhaillí seo ina staidéar leighis isteach ar a athair, a chuir ar aghaidh go glic é chuig Coláiste Chríost, Cambridge, chun tabhairt faoi chéim BA mar an chéad chéim i dtreo bheith ina mhinistir. Thosaigh Darwin ansin i mí Eanáir na bliana 1828, ach b’fhearr leis an mharcaíocht agus an fhoghlaeireacht ná an staidéar. Ba é a chol ceathrair, Fox, a tharraing é chun na dúile coitinne i mbailiú ciaróg, rud ar choinnigh sé leis go díograiseach. Foilsíodh cuid dá fhionnachtana in Illustrations of British Entomology le Stevens. Ina dhiaidh sin, ba leanúnaí é de chuid John Stevens Henslow, ollamh le luibheolaíocht, agus d’éirigh dlúthchairdeas eatarthu. Bhuail sé le príomhnádúraithe eile a d’fhéach ar obair eolaíochta mar dhiagacht nádúrtha reiligiúnach. Fuair na heolaithe sin aithne air mar “the man who walks with Henslow”. Nuair a bhí sé ag druidim i dtreo aimsir na scrúduithe, dhírigh Darwin ar a chuid staidéir agus bhain sé aoibhneas as an teanga agus as an loighic a bhí in Evidences of Christianity le William Paley. Ina scrúdú deireanach i mí Eanáir na bliana 1831, d’éirigh go maith le Darwin. Tháinig sé sa deichiú háit as liosta de 178 duine ar éirigh leo. B’éigean do Darwin fanacht in Cambridge go dtí mí an Mheithimh. Rinne sé staidéar ar Dhiagacht Nádúrtha Paley. Bhí an dearadh diaga sa dúlra ar cheann d’éirimí an leabhair sin. An míniú a thug sé ar oiriúnú ná go raibh Dia ag gníomhú trí dhlíthe an dúlra. Léigh sé leabhar nua John Herschel a thug cuntas gurbh é an aidhm is airde a bhaineann le fealsúnacht nádúrtha ná a leithéid de dhlíthe a thuiscint trí réasúnaíocht ionduchtach atá bunaithe ar bhreathnadóireacht. Chomh maith leis sin, léigh sé Personal Narrative a scríobh Alexander von Humboldt ar thaistil eolaíochta. Duine an-díograiseach ba ea Darwin agus ba í an díograis sin a spreag é chun a chion féin a dhéanamh. Bheartaigh sé go rachadh sé chuig Tenerife le cuid dá pháirtithe ranga, i ndiaidh dóibh a gcéimeanna a bhaint amach, chun staidéar a dhéanamh ar stair an dúlra sa teochrios. Chun é féin a ullmhú, chuaigh sé le cúrsa geolaíochta Adam Sedgwick agus an samhradh sin chuaigh sé in éineacht leis chun strataim a léarscáiliú sa Bhreatain Bheag. Tar éis dó coicís a chaitheamh in Barmouth le cairde dá chuid ón Ollscoil, d’fhill sé abhaile agus bhí litir ann ó Henslow ag moladh Darwin mar nádúraí uasal a bheadh oiriúnach (fiú mura raibh sé críochnaithe lena chuid staidéir) d’áit fhéinmhaoinithe leis an gcaptaen Robert FitzRoy ar HMS Beagle. Ba mhó mar chomrádaí ná mar bhailitheoir namá a bheadh sé. Bhí an Beagle le fágáil ceithre seachtaine ina dhiaidh sin ar loingeas chun cairt a tharraingt de chósta Mheiriceá Theas. Chuir a athair i gcoinne an phlean don aistear farraige a mhairfeadh dhá bhliain. Cheap sé gur chur amú ama a bheadh ann. Ach, chuir a dheartháir céile, Josiah Wedgwood, ina luí air toiliú go nglacfadh a mhac páirt ann.


An tAistear a rinne an Beagle[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tAistear a rinne an Beagle

Mhair an t-aistear beagnach cúig bliana agus, faoi mar a bhí ar intinn ag FitzRoy, chaith Darwin an chuid ba mhó den am ar tír ag déanamh mionscrúdú ar gheolaíocht agus ag déanamh cnuasach stair an dúlra. Fad is a bhí Darwin á dhéanamh sin, bhí an Beagle ag déanamh suirbhéireachta ar chóstaí agus á léarscáiliú. Choinnigh sé grinnchuntas ar a bhreathnadóireachtaí agus ar a thuairimíocht theoiriciúil, agus ó am go ham le linn an aistir seoladh a chuid eiseamail go Cambridge mar aon le litreacha. Seoladh cóip den dialann a choinnigh sé chuig a theaghlach chomh maith. Bhí roinnt saineolais aige ar gheolaíocht, ar bhailiú ciaróg agus ar dhioscadh inveirteabrach muirí, ach bhí ainchleachtadh air le gach réimse eile agus bhailigh sé roinnt eiseamail go cumasach le haghaidh luacháil shaineolach. In ainneoin go mbíodh drochthinneas farraige air arís agus arís eile agus é ar muir, tá formhór a chuid cuntas míoleolaíochta scríofa ar inveirteabraigh mhuirí. Scríobh sé a chéad chuntas ar bheatha mhara a bailíodh nuair a bhí an fharraige ina léinseach.

Le linn dóibh stopadh i dtír den chéad uair in St Jago, thug Darwin faoi deara go raibh sliogáin mhara sa bhanda bán a bhí go hard in aillte na gcarraigeacha bolcánacha. Thug FitzRoy an chéad imleabhar de Principles of Geology le Charles Lyell dó. Leag an leabhar sin coincheapa aonfhoirmeacha amach maidir leis an talamh a bheith ag ardú nó ag titim go mall thar thréimhsí fada. B’ionann an bealach ar bhreathnaigh Darwin ar rudaí agus an bealach ar bhreathnaigh Lyell orthu, ag ceapadh teoiricí agus ag smaoineamh ar leabhar a scríobh ar gheolaíocht. Sa Bhrasaíl, bhain Darwin aoibhneas as an bhforaois thrópaiceach, ach bhí an dearg-ghráin aige ar a bheith ag féachaint ar an sclábhaíocht.

In Punta Alta sa Phatagóin rinne sé fionnachtain mhór d’iontaisí mamach mór a bhí imithe in éag. Tháinig sé orthu in aillte in aice le sliogáin mhara nua-aimseartha, rud a chuir in iúl nach ndeachaigh siad in éag rófhada roimhe sin agus gan cosúlacht ar bith go raibh athrú aeráide ná tubaiste ann. Rinne sé an Megatherium (an Beithíoch Mór), a raibh beagán eolais air, a shainaithint. Bhí éide chnámhach ar an mbeithíoch agus cheap sé ar dtús go raibh sí cosúil le leagan ollmhór den éide a bhí ar armadailíní áitiúla. Léiríodh spéis mhór sna fionnachtana nuair a shroich siad Sasana. Agus é ag marcaíocht chuig an intír le gauchos chun an gheolaíocht a thaiscéaladh agus chun tuilleadh iontaisí a bhailiú, fuair sé léargas sóisialta, polaitíochta agus antraipeolaíochta ar dhaoine dúchasacha agus ar dhaoine coilíneacha ag am réabhlóide. D’fhoghlaim sé go raibh críocha ar leith ag dhá chineál ria ach go ndeachaigh an dá chríoch sin thar a chéile. Ní b’fhaide ó dheas chonaic sé mánna céimnithe de scaineagán agus de shliogáin mhara mar thránna ardaithe ag léiriú sraith d’arda. Léigh sé an dara himleabhar de chuid Lyell agus ghlac sé leis an tuairim maidir le “láir chruthaithe” speiceas, ach chuir a chuid fionnachtana agus a chuid teoiricíochta in aghaidh smaointe Lyell maidir le leanúnachas réidh agus maidir le speiceas ag dul in éag.

Nuair a bhí an HMS Beagle ag déanamh suirbhéireachta ar chóstaí Mheiriceá Theas, bhí Darwin ag ceapadh teoiricí ar gheolaíocht agus ar mhamaigh ollmhóra ag dul in éag.

Bhí triúr ó Tierra del Fuego ar bord. Gabhadh iad le linn an chéad aistir a rinne an Beagle agus bhí bliain caite acu i Sasana. Tugadh ar ais go Tierra del Fuego iad agus iad ina misinéirí. Cheap Darwin gur dhaoine lácha sibhialta iad, ach go raibh an chuma ar a ngaolta gur dhaoine fiáine táirthe ainnise iad. B’fhada buí óna chéile iad, cosúil le hainmhithe fiáine agus ainmhithe neamhfhiáine. Dar le Darwin, léirigh an difríocht eatarthu dul chun cinn cultúrtha seachas ísleacht chiníoch. Bhí tuairimí éagsúla aige ná mar a bhí ag a chairde a bhí ina n-eolaithe. Cheap seisean ansin nach raibh fál go haer idir neacha daonna agus ainmhithe. Bliain ina dhiaidh sin, éiríodh as an misean. Thug siad an t-ainm Jemmy Button ar dhuine de na daoine ó Tierra del Fuego. Mhair seisean cosúil leis na daoine dúchasacha eile, bhí bean chéile aige, agus ní raibh dúil ar bith aige dul ar ais go Sasana.

Fad is a bhí Darwin sa tSile bhí crith talún ann agus chonaic sé loirg go raibh an talamh díreach tar éis ardú. I measc na lorg a chonaic sé bhí beirtreacha diúilicíní triomaithe os cionn an láin mhara. Thuas go hard sna hAindéis chonaic sé sliogáin mhara, agus go leor iontaisí de chrainn a bhí tar éis fás ar thrá ghainimh. Bhí teoiricí aige go ndeachaigh oileáin aigéanacha faoi uisce de réir mar a d’ardaigh an talamh, agus gur fhás sceireacha coiréil thart timpeall orthu chun ataill a fhoirmiú.

Ar Oileáin Galápagos – a bhí nua ó thaobh geolaíochta de – chuardaigh Darwin fianaise a cheanglódh an fiadhúlra le “lár cruthaithe” ní ba shine. Tháinig sé ar éin aithrise a bhí d’aon chineál leis na héin sa tSile ach a bhí difriúil ó oileán go hoileán. Chuala sé gur léirigh na héagsúlachtaí beaga i gcruth na sliogán toirtíse cén oileán arbh as iad, ach níor éirigh leis iad a bhailiú, fiú tar éis dó toirtísí a ithe a tógadh ar bord mar bhia. San Astráil, bhí cuma chomh neamhghnách ar an gcangarú francaigh marsúipiach agus ar an bplatapas gur cheap Darwin go raibh sé beagnach ar nós go raibh beirt Chruthaitheoirí ar leith i mbun oibre. Cheap sé go raibh na daoine Bundúchasacha gealgháireach suáilceach, agus thug sé faoi deara go raibh an cine sin ag ídiú mar gheall ar lonnaíocht Eorpach.

Rinne foireann an Beagle mionscrúdú ar an gcaoi ar foirmíodh ataill Oileáin Cocos (Keeling), agus thacaigh an suirbhé le teoiricíocht Darwin. Thosaigh FitzRoy ag scríobh an leagain oifigiúil de The Narrative of the Beagle Voyage, agus tar éis dó dialann Darwin a léamh mhol sé go gcuirfí isteach sa chuntas í. Sa deireadh athscríobhadh Journal and Remarks de chuid Darwin mar an tríú himleabhar ar leith, ar stair an dúlra.

In Cape Town bhuail Darwin agus FitzRoy le John Herschel. Tamall beag roimhe sin, scríobh Herschel chuig Lyell ag moladh a aonfhoirmeachais, á rá gur chuir sé tús le tuairimíocht mhisniúil ar “that mystery of mysteries, the replacement of extinct species by others” mar “a natural in contradistinction to a miraculous process”. Nuair a bhí a chuid nótaí á gcur in eagar aige, fad is a bhí an long ag seoladh abhaile, scríobh Darwin dá mb’fhíor iad a amhrais a bhí ag méadú faoi na héin aithrise, faoi na toirtísí agus faoi Shionnach Oileáin Fháclainne: “such facts undermine the stability of Species”. Ansin chuir sé an modh coinníollach i bhfeidhm go faichilleach ar an mbriathar “undermine”. Scríobh sé ina dhiaidh sin gurbh é a bharúil gur thug a leithéid d’fhíorais léargas ar bhunús na speiceas.

Tionscnamh theoiric éabhlóide Darwin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é fós ina fhear óg, bhí Charles Darwin i measc na scothaicme eolaíochta

Nuair a d’fhill an Beagle an 2 Deireadh Fómhair 1836, bhí cáil ar Darwin cheana féin i measc lucht eolaíochta. An chúis a bhí leis sin ná gur chuir Henslow le cáil a iardhalta trí phaimfléad de litreacha geolaíochta Darwin a thabhairt do nádúraithe roghnaithe i mí na Nollag 1835. Thug Darwin cuairt ar a bhaile in Shrewsbury agus chonaic sé gaolta leis. Ansin, bhrostaigh sé go Cambridge chun Henslow a fheiceáil. Thug Henslow comhairle dó maidir le nádúraithe a aimsiú chun na bailiúcháin a chatalógú agus thoiligh sé lena chuid eiseamail luibheolaíoch a ghlacadh air féin. Rinne athair Darwin infheistíochtaí a eagrú, a thug caoi dá mhac a bheith ina eolaí uasal féinmhaoinithe. Chuaigh Darwin scleondrach thart ar institiúidí Londan ag comóradh agus ag cuardach saineolaithe a scríobhfadh tuairisc ar na bailiúcháin. Bhí riaráiste ollmhór oibre ag míoleolaithe, agus bhí an baol ann nach ndéanfaí ach roinnt eiseamail a fhágáil i dtaisce.

Bhuail Charles Lyell go díocasach le Darwin den chéad uair an 29 Deireadh Fómhair agus níorbh fhada gur chuir sé an t-anatamaí a bhí ag dul chun cinn, Richard Owen, in aithne dó. Bhí áiseanna Choláiste Ríoga na Máinlianna ar fáil dó le hobair a dhéanamh ar na cnámha iontaisí a bhailigh Darwin. I measc thorthaí iontacha Owen bhí spadáin ábhalmhóra a bhí dulta in éag, cnámharlach beagnach iomlán den Scelidotherium nach raibh eolas air roimhe, agus blaosc darbh ainm Toxodon, a bhí cosúil le creimire ach chomh mór le blaosc dhobhareich. Bhí sé cosúil le capabára ollmhór. Faoi mar a cheap Darwin ar dtús, b’ón Glyptodon a tháinig na bloghanna éide. Armadailín ollmhór ba ea an Glyptodon. Bhí gaol gairid idir na créatúir sin a bhí dulta in éag agus speicis bheo i Meiriceá Theas.


I lár mhí na Nollag, ghlac Darwin lóistín in Cambridge, chun a chuid oibre ar a bhailiúcháin a chur in eagar agus chun a Journal and Remarks a athscríobh. Scríobh sé a chéad pháipéar, a léirigh go raibh mórchríoch Mheiriceá Theas ag ardú go mall, agus le tacaíocht dhíograiseach Lyell, léigh sé é os comhair Chumann Geolaíochta Londan, an 4 Eanáir 1837. An lá céanna, bhronn sé a chuid eiseamail mamach agus éan ar an gCumann Míoleolaíochta. Cheap Darwin gur mheascán de lonta dubha, de ghobaigh mhóra agus de ghlasáin iad éin Galápagos, ach níorbh fhada gur fhógair an t-éaneolaí, John Gould, gurbh amhlaidh gur dhá speiceas déag éagsúla de ghlasáin a bhí iontu. An 17 Feabhra, toghadh Darwin ar Chomhairle an Chumainn Tíreolaíochta agus rinne an t-aitheasc uachtaráin a thug Lyell cur síos ar fhionnachtana Owen i leith iontaisí Darwin. Leagadh béim ar an smaoineamh go raibh leanúnachas tíreolaíochta speiceas ag tacú lena chuid smaointe aonfhoirmeachais.

Go luath i mí an Mhárta, d’aistrigh Darwin go Londain sa tslí is go mbeadh sé gar don obair sin. Chuaigh sé isteach i measc lucht sóisialta eolaithe agus scoláirí Lyell, daoine mar Charles Babbage, a rinne cur síos ar Dhia mar chláraitheoir dlíthe. Pléadh litir John Herschel ar “rúndiamhair na rúndiamhra” speiceas nua go forleathan. Bhíothas ag lorg mínithe i ndlíthe an dúlra agus ní i míorúiltí ad hoc. D’fhan Darwin lena dheartháir saorsmaointeach Erasmus, a bhí mar chuid de chiorcal Fuig agus a bhí ina dhlúthchara leis an scríbhneoir Harriet Martineau. Rinne Martineau teoiricí Malthus a chur chun cinn. Bhí na teoiricí sin mar bhun le leasuithe conspóideacha Dhlí Fuig na mBocht. Theastaigh uathu go gcuirfí stop le leas a bheith mar chúis ródhaonra agus tuilleadh bochtaineachta. Mar Úinitéireach, d’fháiltigh sí roimh na himpleachtaí radacacha a bhain le claochlú speiceas, impleachtaí a bhí curtha chun cinn ag Grant agus ag máinlianna ní b’óige a raibh tionchar ag Geoffrey orthu. Bhí an ghráin ag na hAnglacánaigh ar na himpleachtaí céanna mar bhí siadsan ag iarraidh ord sóisialta a chosaint. I lár mhí Iúil 1837, chuir Darwin tús lena leabhar nótaí “B” ar Chlaochlú Speiceas, agus ar leathanach 36 scríobh sé “I think” os cionn an chéad chrann éabhlóide.

Sa chéad chruinniú a bhí acu chun a chuid fionnachtana mionsonraithe a phlé, d’inis Gould do Darwin gur speicis ar leith iad éin aithrise Galápagos ó oileáin éagsúla agus níorbh amháin gur chineálacha éagsúla iad. Ina theannta sin, dúirt sé go raibh na dreoilíní cuimsithe i ngrúpa na nglasán freisin. Ní dhearna Darwin na glasáin a lipéadú de réir oileáin, ach ó na nótaí a scríobh daoine eile ar an Beagle, FitzRoy ina measc, dhath sé speicis d’oileáin. Ba speicis ar leith iad an dá chineál ria, agus an 14 Márta d’fhógair Darwin an tslí a raibh difríocht i ndáileadh na n-éan sin ag dul ó dheas.

Faoi lár mhí an Mhárta, bhí Darwin ag déanamh tuairimíochta ina Red Notebook ar an bhféidearthacht go n-iompaíonn speiceas amháin go ceann eile, agus é ag iarraidh dáileadh tíreolaíochta speiceas beo a mhíniú, speiceas mar rianna, agus cinn atá dulta in éag mar Macrauchenia (a chiallaíonn “muineál mór”), a bhí cosúil le guanácó ollmhór. Thart ar mhí Iúil, chuir sé lena thuairimí ar thréimhse saoil, ar shíolrú neamhghnéasach agus ar shíolrú gnéasach ina leabhar nótaí “B” agus thosaigh sé ag scríobh ar éagsúlacht i sliocht maidir leis an gcine a oiriúnú agus a athrú i leith domhain atá ag athrú. Rinne sé sin chun míniú a thabhairt ar thoirtísí, ar éin aithrise agus ar rianna ó Oileáin Galápagos. Sceitseáil sé síolrú géagaithe, ansin géagú ginealaigh aon chrann éabhlóide amháin, agus dúirt sé: “It is absurd to talk of one animal being higher than another”, ag caitheamh uaidh na smaointe a bhí ag Lamarck maidir le ginealaigh neamhspleácha a bheith ag dul ar aghaidh go foirmeacha ní b’airde.

Barraíocht oibre, breoiteacht agus pósadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ag déanamh forbairte ar an dianstaidéar sin ar chlaochlú, bhí Darwin sáite i mbreis oibre. Bhí sé fós ag athscríobh a Journal and Remarks, agus ghlac sé an obair eagarthóireachta agus fhoilsitheoireachta chuige féin a bhain leis na saintuarascálacha ar a chuid bailiúchán. Le cabhair Henslow fuair sé deontas £1,000 ón Státchiste mar urraíocht ar an bhfoilseachán il-imleabhar Zoology of the Voyage of H.M.S. Beagle. D’aontaigh sé dátaí neamhréalaíocha don obair sin agus do leabhar ar South American Geology a thacaigh le smaointe Lyell. Chríochnaigh Darwin a dhialann, Journal and Remarks, thart ar an 20 Meitheamh 1837, go díreach agus an Bhanríon Victeoiria ag teacht i gcoróin, ach ansin bhí air na profaí a cheartú.

Bhí fadhbanna sláinte ag Darwin mar gheall ar an mbrú. An 20 Meán Fómhair, bhí éirí croí míchompordach ar Darwin agus mar sin d’impigh a dhochtúirí air scor den obair ar fad agus cónaí faoin tuath ar feadh cúpla seachtain. Tar éis cuairt a thabhairt ar Shrewsbury, chuaigh sé chuig a ghaolta Wedgwood in Maer Hall, in Staffordshire, ach cheap sé go raibh an iomarca spéise acu ina chuid scéalta taistil agus nach bhfaigheadh sé mórán deise scíth a ligean. Duine gleoite, éirimiúil agus cultúrtha ba ea a chol ceathrair Emma Wedgwood. Bhí sí naoi mbliana ní ba shine ná Darwin agus ba ise a bhí ag tabhairt aire dá aintín a bhí ina hotharluí. Chuir a uncail Jos achar talún ar a shúile dó, áit a ndeachaigh aibhleoga dóite as amharc faoi dhúrabhán agus mhol sé go mb’fhéidir gurbh iad péisteanna talún ba chúis leis. Spreag sé sin teoiric nua thábhachtach maidir le ról péisteanna i bhfoirmiú ithreach agus rinne Darwin an teoiric sin a chur os comhair an Chumainn Gheolaíochta an 1 Samhain.

Chuir William Whewell brú ar Darwin dul i mbun na ndualgas mar Rúnaí an Chumainn Gheolaíochta. Cé gur dhiúltaigh sé an obair ar dtús, ghlac sé leis an bpost i Márta na bliana 1838. In ainneoin thiaráil na scríbhneoireachta agus na heagarthóireachta a bhain le tuarascálacha an Beagle, rinne Darwin dul chun cinn suntasach ar chlaochlú. Thapaigh sé gach deis ceisteanna a chur ar nádúraithe saineolacha, agus rud neamhghnách ar fad, chuir sé ceisteanna ar dhaoine a raibh taithí phraiticiúil acu, daoine mar fheirmeoirí agus eolaithe colúr. Le himeacht aimsire fuair sé faisnéis óna ghaolta agus óna pháistí dá chuid taighde. Fuair sé eolas ó bhuitléir an teaghlaigh, comharsana, coilínigh agus ó iar-leathbhádóirí chomh maith. Chuimsigh sé an cine daonna ina chuid tuairimíochta ó thús, agus nuair a chonaic sé órang-útan sa zú an 28 Márta 1838, thug sé a iompar leanbaí faoi deara.

Chuir an strus ar a shláinte, agus faoi mhí an Mheithimh bhí sé ar fhleasc a dhroma ar feadh laethanta le fadhbanna goile, le tinnis chinn agus le hairíonna croí. Don chuid eile dá shaoil, bhí sé ar éagumas arís agus arís eile le taomanna de phianta goile, urlacan, dian-neascóidí, éirí croí, ballchrith agus airíonna eile, go háirithe le linn tréimhsí de strus, mar shampla agus é ag freastal ar chruinnithe nó ag dul ar cuairteanna sóisialta. Ní bhfuarthas amach riamh cad ba chúis le breoiteacht Darwin, agus níor éirigh go rómhaith leis na hiarrachtaí cóireála.

An 23 Meitheamh, ghlac sé sos agus chuaigh sé i mbun geolaíochta in Albain. Thug sé cuairt ar Glen Roy nuair a bhí aimsir aoibhinn ann chun féachaint ar na “bóithre” comhthreomhara a bhí gearrtha isteach sna leitreacha ag trí airde éagsúla. Ina dhiaidh sin d’fhoilsigh sé a thuairim gur thránna ardaithe muirí a bhí iontu, ach ansin b’éigean dó glacadh gur línte cladaigh de loch uroighreach a bhí i gceist.

Bhí biseach iomlán air nuair a chuaigh sé ar ais go Shrewsbury i mí Iúil. Agus taithí air a bheith ag breacadh síos nótaí laethúla ar phórú ainmhithe, scrábáil sé smaointe scaoilte ar ghairm bheatha agus ar ionchais ar dhá ruainne páipéir, ceann amháin le dhá cholún leis na teidil “Pósadh” agus “Gan Phósadh” orthu. I measc na mbuntáistí bhí “constant companion and a friend in old age ... better than a dog anyhow”, i gcoinne pointí cosúil le “less money for books” agus “terrible loss of time.” Tar éis dó cinneadh a dhéanamh i bhfabhar an phósta, phléigh sé lena athair é, agus ansin chuaigh sé ar aghaidh chun cuairt a thabhairt ar Emma an 29 Iúil. Ní bhfuair sé an deis ceiliúr pósta a chur uirthi, ach i gcoinne chomhairle a athar, luaigh sé a smaointe ar chlaochlú.

Lean sé ar aghaidh lena chuid taighde i Londain, agus i measc an réimse leathain d’ábhar a léigh Darwin bhí an séú heagrán de shaothar Malthus, An Essay on the Principle of Population

    In October 1838, that is, fifteen months after I had begun my systematic enquiry, I happened to read for amusement Malthus on Population, and being well prepared to appreciate the struggle for existence which everywhere goes on from long-continued observation of the habits of animals and plants, it at once struck me that under these circumstances favourable variations would tend to be preserved, and unfavourable ones to be destroyed. The result of this would be the formation of new species. Here, then, I had at last got a theory by which to work...

Dhearbhaigh Malthus mura gcoinnítear srian ar an daonra daonna, go n-ardaíonn sé i sraith iolraíoch agus ní fada go sáraíonn sé an soláthar bia, rud a dtugtar catastróf Malthus air. Bhí Darwin ullmhaithe go maith chun a fheiceáil láithreach gur bhain sé sin le smaoineamh de Candolle maidir le “cogadh na speiceas” a bhain le plandaí agus an streachailt chun marthana i measc an fhiadhúlra. Mhínigh sé an tslí ar fhan líonta speicis nach mór seasmhach. Ós rud é go bpóraíonn speicis i gcónaí níos mó ná na hacmhainní a bhíonn ar fáil dóibh, chuirfeadh éagsúlachtaí fabhracha le cumas marthanais na n orgánach agus leis na héagsúlachtaí a chur ar aghaidh chuig a bpór, agus chaillfí éagsúlachtaí mífhabhracha. De thoradh sin, dhéanfaí speiceas nua a fhoirmiú. An 28 Meán Fómhair 1838, bhreac sé síos an léargas sin. Rinne sé cur síos air mar chineál dingthe, ag brú comhdhéanamh oiriúnaithe isteach i mbearnaí i mbarainneacht an dúlra agus ag brú na gcomhdhéanamh lag amach. Sna míonna ina dhiaidh sin, rinne sé comparáid idir feirmeoirí ag roghnú an stoic shíolraíochta is fearr agus Dúlra Malthus ag roghnú ó éagsúlachtaí a tharlaíonn de thaisme, sa tslí is go ndéantar gach cuid den chomhdhéanamh nua-fhaighte a chleachtadh go hiomlán agus a thabhairt chun foirfeachta, agus cheap sé go raibh an analach sin mar an chuid ab áille dá theoiric. Roghnaigh Darwin go bpósfadh sé a chol ceathrair, Emma Wedgood.

An 11 Samhain, chuaigh sé ar ais go Maer agus chuir sé ceiliúr pósta ar Emma, agus d’inis sé a chuid smaointe di arís. Ghlac sí leis, agus ansin i litreacha grámhara a scríobh siad chun a chéile, léirigh sí an tslí a raibh ardmheas aici ar cé chomh hoscailte agus a bhí seisean ag roinnt na ndifríochtaí a bhí eatarthu. Chuir sí a creidimh dhiongbháilte Úinitéireacha in iúl freisin mar aon leis an imní a bhí uirthi go ndéanfadh a chuid amhrais mhacánta iad a scaradh sa saol eile. Nuair a bhí sé ar lorg tí i Londain, lean ráigeanna tinnis ar aghaidh agus scríobh Emma chuige ag impí air scíth a ligean, ag rá ionann is go fáidhiúil: “So don’t be ill any more my dear Charley till I can be with you to nurse you.” Tháinig sé ar áit, ar thug siad “Macaw Cottage” air (mar gheall ar an taobh istigh gairéadach) i Sráid Gower, agus bhog sé a “iarsmalann” isteach thar an Nollaig. An 24 Eanáir 1839, toghadh Darwin ina Chomhalta den Chumann Ríoga.

An 29 Eanáir, pósadh Darwin agus Emma Wedgwood in Maer i searmanas Anglacánach, a bhí cóirithe ar bhealach a d’oirfeadh do na hÚinitéirigh. Díreach ina dhiaidh chuaigh siad ar an traein go Londain chuig a mbaile nua.

An teoiric um roghnú nádúrtha a ullmhú le haghaidh a foilsithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin am sin, bhí creatlach a theoirice um roghnú nádúrtha ag Darwin mar a phríomhchaitheamh aimsire. San áireamh sa taighde a rinne sé bhí feirmeoireacht ainmhithe mar aon le tástálacha fairsinge ar phlandaí. Tháinig sé ar fhianaise nach raibh speicis seasta agus rinne sé mionscrúdú ar go leor smaointe mionsonraithe chun a theoiric a scagadh agus chun bunús a thabhairt léi. Le breis agus deich mbliana bhí an obair sin sa chúlra. An phríomhobair a bhí ar siúl aige ná foilsiú na dtorthaí eolaíochta ón aistear a rinne an Beagle.

Nuair a foilsíodh The Narrative of the Beagle Voyage de chuid FitzRoy, i mBealtaine 1839, d’éirigh chomh maith sin leis an tríú himleabhar a scríobh Darwin, Journal and Remarks, gur foilsíodh leis féin é ní ba dhéanaí an bhliain sin.

Go luath sa bhliain 1842, scríobh Darwin chuig Lyell mar gheall ar a chuid smaointe. Dúirt Lyell maidir lena chomhghuaillí: “(he) denies seeing a beginning to each crop of species”. I mí Bealtaine, foilsíodh leabhar Darwin ar a theoiric um fhoirmiú atall, The Structure and Distribution of Coral Reefs, tar éis breis agus trí bliana oibre. I mBealtaine agus i Meitheamh scríobh sé sceitse peann luaidhe ar a theoiric um roghnú nádúrtha. I mí Mheán Fómhair, chun éalú ó bhrúnna Londan, d’aistrigh an teaghlach go Down House faoin tuath. An 11 Eanáir 1844, luaigh Darwin a chuid teoiricíochta leis an luibheolaí Joseph Dalton Hooker. Scríobh sé le giúmar méaldrámata: “it is like confessing a murder”. D’fhreagair Hooker: “There may in my opinion have been a series of productions on different spots, & also a gradual change of species. I shall be delighted to hear how you think that this change may have taken place, as no presently conceived opinions satisfy me on the subject.”

An cosán gainimh ag Down House. Ba é sin an “Cosán Machnaimh” a bhíodh ag Darwin de ghnáth.

Faoi mhí Iúil, bhí “sceitse” Darwin leathnaithe aige go “Aiste” a raibh 230 leathanach inti. Dá bhfaigheadh sé bás roimh am, bhí a chuid torthaí taighde le cur léi. I mí na Samhna, bhris conspóid phoiblí amach maidir le smaointe i leith dhul chun cinn éabhlóide sa leabhar a foilsíodh gan ainm, Vestiges of the Natural History of Creation. Leabhar dea-scríofa a bhí ann a chuir le spéis an phobail i gclaochlú. Chaith Darwin drochmheas ar an ngeolaíocht agus ar an míoleolaíocht amaitéarach a bhí sa leabhar, ach chaith sé súil siar chúramach ar a chuid pointí féin.

Chríochnaigh Darwin an tríú leabhar geolaíochta dá chuid sa bhliain 1846. Ansin, chuir sé spéis in inveirteabraigh mhuirí arís, agus chuir sé saineolas orthu. Thosaigh an spéis sin ar dtús siar sna laethanta a bhí sé ina mhac léinn le Grant, trí na giúrainn a bhailigh sé ar an aistear farraige a dhioscadh agus a aicmiú. Bhain sé sult as a bheith ag breathnú na gcomhdhéanamh álainn agus ag machnamh ar chomparáidí le comhdhéanaimh d’aon chineál. I 1847, léigh Hooker an “Aiste” agus sheol sé nótaí tuairisce a thug an t-aiseolas socair léirmheastach do Darwin a theastaigh uaidh, ach ní chuirfeadh sé ceangal air féin agus cheistigh sé cén fáth a raibh Darwin i gcoinne gníomhartha leantacha cruthaithe.

Agus é ag iarraidh feabhas a chur ar a dhrochshláinte ainsealach, chuaigh Darwin chuig spá an Dr James Gully in Malvern i 1849 agus bhí ionadh air gur bhain sé roinnt tairbhe as hidriteiripe. Ansin, i 1851, buaileadh breoite a iníon mhaoineach Annie agus d’athspreag sé sin an eagla gur bhreoiteacht oidhreachtúil a bhí aige. Tar éis sraith fhada d’aothú i ndiaidh aothaithe, fuair sí bás.

In ocht mbliana d’obair ar ghiúrainn (Cirripedia), chabhraigh teoiric Darwin leis homalógachtaí a aimsiú a léirigh gur bhain feidhmeanna éagsúla le baill mhionathraithe den chorp chun coinníollacha nua a sheasamh. I gcineálacha áirithe tháinig sé ar mhionfhireannaigh agus iad seadánach ar dhéghnéasaigh, rud a léiríonn céim idirmheánach in éabhlóid gnéasanna faoi leith. I 1853, ghnóthaigh an obair sin Bonn Ríoga an Chumainn Ríoga dó, agus bhain sé dea-cháil amach mar bhitheolaí. Chuaigh sé ar ais ag obair ar a theoiric um speicis i 1854, agus i mí na Samhna d’aithin sé go bhféadfaí eisréimneacht i nádúr sleachta a mhíniú mar iad a bheith á n-oiriúnú féin d’áiteanna éagsúlaithe i mbarainneacht an dúlra.

Foilsiú na teoirice um roghnú nádúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh brú ar Darwin a theoiric um roghnú nádúrtha a fhoilsiú go tapa.

Faoi thús na bliana 1856, bhí Darwin ag déanamh mionscrúdú ar cibé acu arbh fhéidir nó nárbh fhéidir le huibheacha agus le síolta taisteal thar sáile chun speicis a scaipeadh thar aigéin. Bhí amhras Hooker ag dul i méid maidir leis an dearcadh traidisiúnta go raibh speicis seasta, ach bhí a gcara óg Thomas Henry Huxley go diongbháilte i gcoinne éabhlóide. Mhúscail tuairimíocht Darwin spéis in Lyell, ach níor thuig sé a méid. Nuair a léigh sé páipéar a scríobh Alfred Russel Wallace, “On the Law Which has Regulated the Introduction of Species”, chonaic sé cosúlachtaí idir an páipéar sin agus smaointe Darwin agus chuir sé ina luí ar Darwin a chuid smaointe a fhoilsiú chun ceart tosaíochta a bhunú. Cé nár cheap Darwin go raibh bagairt ar bith ann, thosaigh sé ag obair ar ghearrpháipéar. Cuireadh moill air go rialta agus é ag iarraidh freagraí a aimsiú ar cheisteanna deacra. Rinne sé a phleananna a leathnú amach go ndéanfadh sé “leabhar mór ar speicis” a scríobh dar teideal Natural Selection. Lean sé ar aghaidh lena chuid taighde, agus fuair sé faisnéis agus roinnt eiseamail ó nádúraithe ar fud an domhain, lena n-áirítear Wallace a bhí ag obair i mBoirneo. Léirigh an luibheolaí Meiriceánach, Asa Gray, spéis san ábhar céanna, agus an 5 Meán Fómhair 1857, sheol Darwin imlíne mhionsonraithe a chuid smaointe chuig Gray, mar aon le coimriú an leabhair, Natural Selection. I mí na Nollag, fuair Darwin litir ó Wallace ag fiafraí an ndéanfaí mionscrúdú ar bhunús an duine sa leabhar. D’fhreagair sé á rá go seachnódh sé an t-ábhar sin, a bhí “so surrounded with prejudices”. Mhol sé teoiricíocht Wallace agus dúirt sé freisin: “I go much further than you”.

Bhí Darwin leathbhealach trína leabhar nuair a fuair sé páipéar ó Wallace, an 18 Meitheamh 1858, a rinne cur síos ar roghnú nádúrtha. Baineadh beatha na n-éag as gur baineadh an tosach de agus sheol sé ar aghaidh chuig Lyell é, mar a iarradh, agus, cé nár iarr Wallace go bhfoilseofaí é, mhol Darwin go seolfadh sé chuig aon irisleabhar a roghnódh Wallace. Bhí a theaghlach i ngéarchéim mar bhí páistí sa sráidbhaile ag fáil bháis leis an bhfiabhras dearg, agus d’fhág sé cúrsaí faoi chúram Lyell agus Hooker. Shocraigh siad go ndéanfaidís cur i láthair le chéile ag an Linnean Society an 1 Iúil ar On the Tendency of Species to form Varieties; and on the Perpetuation of Varieties and Species by Natural Means of Selection; ach, fuair leanbán mic Darwin bás leis an bhfiabhras dearg agus bhí sé róthrí chéile le freastal ar an tionól.

Níor tugadh mórán airde ar fhógairt na teoirice ar dtús; nuair a foilsíodh an páipéar in irisleabhar mhí Lúnasa an chumainn, rinneadh é a athchló i mórán irisí agus scríobhadh roinnt léirmheasanna agus litreacha, ach dúirt uachtarán an Linnean i mBealtaine 1859 nach raibh aon fionnachtana réabhlóideacha ar chuid suntais iad an bhliain sin. Ní raibh ach léirmheas amháin a chuir isteach ar Darwin an méid sin gur mheabhraigh sé é ina dhiaidh sin. Mhaígh an tOllamh Samuel Haughton as Baile Átha Cliath: “all that was new in them was false, and what was true was old.” Bhí Darwin ag streachailt ar feadh trí mhí dhéag ag iarraidh coimriú a scríobh ar a “leabhar mór”. Ní raibh an tsláinte go maith aige, ach fuair sé spreagadh leanúnach óna chairde eolaíochta. Shocraigh Lyell go ndéanfadh John Murray é a fhoilsiú.

Bhí an-éileamh ar an leabhar, On the Origin of Species by Means of Natural Selection, or The Preservation of Favoured Races in the Struggle for Life (On the Origin of Species is ea an leagan giorraithe a dtugtar air de ghnáth), agus ní rabhthas ag súil leis an éileamh sin. Rinneadh rófhoscríobh ar an stoc iomlán de 1,250 cóip nuair a cuireadh ar díol é do dhíoltóirí leabhar an 22 Samhain 1859. Sa leabhar, leag Darwin amach “aon éirim amháin” de thuairimíocht mhionsonraithe, de thátail agus de mhachnamh maidir le hagóidí a raibh sé ag súil leo. An t-aon tagairt a rinne sé d’éabhlóid an duine ná an mhaolaisnéis: “light will be thrown on the origin of man and his history”. Déantar a theoiric a shonrú go simplí sa bhrollach:

   As many more individuals of each species are born than can possibly survive; and as, consequently, there is a frequently recurring struggle for existence, it follows that any being, if it vary however slightly in any manner profitable to itself, under the complex and sometimes varying conditions of life, will have a better chance of surviving, and thus be naturally selected. From the strong principle of inheritance, any selected variety will tend to propagate its new and modified form.

Bhí pointí diongbháilte aige maidir le síolrú coiteann, ach sheachain sé an téarma “éabhlóid”, a bhí conspóideach ag an am, agus ag deireadh an leabhair bhain sé de thátal as;

   There is grandeur in this view of life, with its several powers, having been originally breathed into a few forms or into one; and that, whilst this planet has gone cycling on according to the fixed law of gravity, from so simple a beginning endless forms most beautiful and most wonderful have been, and are being, evolved.

Sa bhliain 1868, chaith teaghlach Darwin a gcuid laethanta saoire i dteachín Julia Margaret Cameron ar Inis Iocht. Le linn na saoire, ghlac sí portráidí a thaispeáin an fhéasóg mhothallach a bhí fásta ag Darwin faoin mbliain 1866.


An chaoi ar glacadh leis an bhfoilseachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreag an leabhar spéis idirnáisiúnta, agus bhain ní ba lú conspóide leis ná mar a bhain leis an leabhar mór-éilimh Vestiges of the Natural History of Creation. Cé gur choinnigh breoiteacht Darwin amach ó dhíospóireachtaí poiblí é, rinne sé an fhreagairt eolaíochta a ghrinnbhreathnú go díocasach. Thrácht sé ar ghearrthóga preasa, léirmheasanna, ailt, aortha agus ar scigphictiúir agus chomhfhreagair sé mar gheall air le comhghleacaithe ar fud an domhain. Ní raibh ráite ag Darwin ach “Light will be thrown on the origin of man”, ach mhaígh an chéad léirmheas go ndearna sé creideamh den smaoineamh “men from monkeys” ó Vestiges. I measc freagairtí fabhracha luaithe, thug léirmheasanna Huxley sáiteán do Richard Owen, ceannaire an fhorais eolaíochta a raibh Huxley ag déanamh iarrachta a threascairt. Nuair a tháinig léirmheas Owen amach, chuaigh sé leo siúd a bhí ag cáineadh an leabhair.

B’iomaí tuairim a bhí i measc mhuintir Eaglais Shasana. Níor thug seanteagascóirí Cambridge de chuid Darwin, Sedgwick agus Henslow, aird ar bith ar na smaointe, ach an chiall a bhain eaglaisigh liobrálacha as roghnú nádúrtha ná gur mhodh a bhí ann a dhear Dia. Bhreathnaigh an cléireach Charles Kingsley air mar: “just as noble a conception of Deity”. I 1860, nuair a foilsíodh Essays and Reviews – leabhar a scríobh seachtar diagairí Anglacánacha liobrálacha – rinne sé aird na gcléireach a chlaonadh ó Darwin. Cháin údaráis eaglaise smaointe an leabhair sin, lena n-áirítear critic stairiúil – dúirt siad gurbh eiriceacht a bhí ann. Chuir Baden Powell a thuairim chun cinn sa leabhar gur sháraigh míorúiltí dlíthe Dé, agus mar sin b’aindiach an rud é creidiúint iontu. Mhol sé “Mr Darwin’s masterly volume [supporting] the grand principle of the self-evolving powers of nature”. Phléigh Asa Gray an teileolaíocht le Darwin. Ba é Darwin a thug isteach agus a dháil paimfléad Gray ar an éabhlóid dhiachúil, Natural Selection is not inconsistent with Natural Theology.

In achrann cáiliúil a tharla ag an díospóireacht phoiblí éabhlóide in Oxford i 1860, le linn cruinnithe de chuid an British Association for the Advancement of Science, rinne Easpag Oxford, Samuel Wilberforce, argóint in aghaidh mhíniú Darwin, cé nach raibh sé féin i gcoinne claochlú speiceas. I ndíospóireacht a tharla ina dhiaidh sin, rinne Joseph Hooker argóint láidir ar son Darwin agus chuir Thomas Huxley bun air féin mar “Darwin’s bulldog”. Tháinig an dá thaobh as ar nós go raibh an bua acu. Mhaígh Huxley nuair a d’fhiafraigh Wilberforce de ar shíolraigh sé ó mhoncaithe ar thaobh a sheanathar nó ar thaobh a sheanmháthar, dúirt Huxley de chogar: “The Lord has delivered him into my hands” agus d’fhreagair sé: “(I) would rather be descended from an ape than from a cultivated man who used his gifts of culture and eloquence in the service of prejudice and falsehood”. De réir mar a glacadh le “Darwineachas” go forleathan sna 1870idí, bhí scigphictiúir shuairce de Darwin le corp ápa nó moncaí mar shamhailchomharthaí éabhlóide.

Fiú amháin léirigh dlúthchairde Darwin – Gray, Hooker, Huxley agus Lyell – amhras ar fáthanna éagsúla ach fós féin thug siad tacaíocht mhór, mar a rinne go leor daoine eile, go háirithe nádúraithe ní b’óige. Bhí Gray agus Lyell ag iarraidh dul ar ais chuig an gcreideamh, ach léirigh Huxley deighilt idir creideamh agus eolaíocht. Bhí sé i mbun feachtais go hachrannach i gcoinne údarás na cléire san oideachas, ag súil go ndéanfaí ceannas na cléire agus amaitéaraigh uasaicmeacha faoi Owen a chur ar ceal agus go rachadh glúin nua d’eolaithe gairmiúla ina n-áit. Mhaígh Owen go hearráideach go raibh difríochtaí anatamaíocha áirithe idir inchinn ápa agus inchinn an duine, agus chuir sé i leith Huxley gur thacaigh sé le “Bunús Ápa an Duine”. Rinne Huxley amhlaidh le lántoil, agus bhí a fheachtas, a mhair thar dhá bhliain, go diabhalta rathúil toisc gur éirigh leis Owen agus an “old guard” a dhíbirt.

Aistríodh On the Origin of Species go mórán teangacha agus ba phríomhthéacs eolaíochta é a tharraing aird mhachnamhach daoine i ngach gairm bheatha, na “fir oibre” ina measc a chuaigh ina sluaite chuig léachtaí Huxley. Bhí dáimh ag teoiric Darwin le gluaiseachtaí éagsúla ag an am freisin, agus bhí sí ina chuid lárnach de chultúr na ndaoine. Ba ghluaiseacht é an Darwineachas a chuimsigh raon leathan de smaointe éabhlóide. I 1863, chuir leabhar Lyell, Geological Evidences of the Antiquity of Man, an réamhstair i mbéal an phobail, ach bhí díomá ar Darwin mar gheall ar a aireachas i leith éabhlóide. Seachtainí ina dhiaidh sin, léirigh leabhar Huxley, Evidence as to Man’s Place in Nature, gurb ápaí iad neacha daonna ó thaobh anatamaíochta de. Ansin, thug leabhar Henry Walter Bates, The Naturalist on the River Amazons, fianaise eimpíreach ar roghnú nádúrtha. Ba mar gheall ar an mbrústocaireacht a ghnóthaigh Darwin an onóir eolaíochta ab airde sa Bhreatain. Bronnadh Bonn Copley de chuid an Chumainn Ríoga air an 3 Samhain 1864. An lá sin, thionóil Huxley an chéad chruinniú den ghrúpa, ar tugadh an X Club air ina dhiaidh sin. Bhí an-tionchar ag an gclub sin agus bhí na baill tiomanta do: “science, pure and free, untrammelled by religious dogmas”.


Descent of Man, roghnú gnéasach, agus luibheolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin mbliain 1879, bhí cáil Darwin ag dul i méid agus bhí sé breoite ar feadh na mblianta.

In ainneoin taomanna breoiteachta arís agus arís eile le linn an dá bhliain dheireannacha is fiche dá shaol, lean Darwin ar aghaidh lena chuid oibre. Faoin am sin, bhí On the Origin of Species foilsithe aige mar choimriú a theoirice. Lean sé ar aghaidh le turgnaimh, le taighde agus lena “leabhar mór” a scríobh, ag cuimsiú síolrú an chine dhaonna ó luath-ainmhithe lena n-áirítear éabhlóid sochaí agus cumais mheabhracha an duine, mar aon le héagsúlú go staidéar nuálaíoch ar phlandaí agus míniú ar áilleacht mhaisiúil sa dúlra.

Tharraing fiosruithe maidir le pailniú feithidí staidéar nua ar mhagairlíní fiáine sa bhliain 1861. Léiríodh go n-oiriúnaíonn a mbláthanna chun leamhain áirithe a mhealladh chuig gach speiceas agus chun crostoirchiú a chinntiú. Thug Fertilisation of Orchids, a foilsíodh i 1862, a chéad léirsiú mionsonraithe de chumhacht an roghnaithe nádúrtha. Míníodh inti na gaolta casta éiceolaíocha agus rinneadh réamhinsintí arbh fhéidir iad a thástáil. De réir mar a chuaigh a shláinte in olcas, luigh sé ar a leaba bhreoiteachta i seomra a bhí lán le turgnaimh airgtheacha chun gluaiseachtaí plandaí dreaptha a rianú. I measc na gcuairteoirí a shíl an dúrud de bhí Ernst Haeckel, leanúnaí díograiseach an Darwineachais in aistriúchán a bhí i bhfabhar éabhlóid fhorchéimnitheach thar roghnú nádúrtha. Lean Wallace ag tacú leis, ach de réir a chéile chuaigh sé le Spioradachas.

Bhí an méid sin sa chéad chuid den “leabhar mór” a bhí beartaithe ag Darwin, Variation of Plants and Animals Under Domestication, go raibh dhá imleabhar ollmhóra ann, agus b’éigean dó éabhlóid an duine agus roghnú gnéasach a fhágáil ar lár. In ainneoin a mhéide, díoladh go tapa é i 1868, agus aistríodh go mórán teangacha é. Scríobh sé an chuid ba mhó den dara mhír ar roghnú nádúrtha, ach níor foilsíodh é lena linn. Almanag na bliana 1882 den irisleabhar Punch, a foilsíodh go gairid sula bhfuair Darwin bás. Léiríonn sé Darwin i lár éabhlóide ó anord go fear uasal Victeoiriach leis an teideal Man Is But A Worm.

Bhí réamhstair an duine curtha i mbéal an phobail ag Lyell cheana féin, agus bhí sé léirithe ag Huxley gurb ápaí iad neacha daonna ó thaobh anatamaíochta de. Leis an leabhar, The Descent of Man, and Selection in Relation to Sex, a foilsíodh i 1871, leag Darwin fianaise amach ón iomad foinse gurb ainmhithe iad neacha daonna. Léirigh sé leanúnachas i dtréithe coirp agus intinne, agus chuir sé roghnú gnéasach chun cinn chun gnéithe neamhphraiticiúla ainmhithe a mhíniú, tréithe cosúil le cluimhreach phéacóige. Phléigh sé éabhlóid dhaonna chultúir mar aon leis na difríochtaí idir gnéasanna, agus tréithe ciníocha coirp agus cultúrtha, agus san am céanna leag sé béim ar an bhfíoras gurb aon speiceas amháin iad neacha daonna. D’fhorleathnaigh sé a chuid taighde a bhain úsáid as íomhánna sa leabhar a scríobh sé i 1872, The Expression of the Emotions in Man and Animals. Bhí an leabhar sin ar cheann de na chéad leabhair a raibh grianghraif chlóite ann. Pléadh éabhlóid shíceolaíocht an duine sa leabhar mar aon lena leanúnachas le hiompar ainmhithe. Bhí an-éileamh ar an dá leabhar, agus chuaigh sé i bhfeidhm ar Darwin gur glacadh lena thuairimí le haontú ginearálta, agus dúirt sé: “everybody is talking about it without being shocked”. Tháinig sé ar an tuairim seo: “that man with all his noble qualities, with sympathy which feels for the most debased, with benevolence which extends not only to other men but to the humblest living creature, with his god-like intellect which has penetrated into the movements and constitution of the solar system – with all these exalted powers – Man still bears in his bodily frame the indelible stamp of his lowly origin.”

Tháinig go leor leabhar as a chuid turgnamh agus as na mionscrúduithe a bhain le cúrsaí éabhlóide. Scríobh sé leabhair ar ghluaiseachtaí plandaí dreaptha, plandaí feithiditeacha, éifeachtaí chrostoirchiú agus fhéintoirchiú plandaí, cineálacha éagsúla bláthanna ar phlandaí den speiceas céanna, agus scríobh sé an leabhar, The Power of Movement in Plants. Sa leabhar deireanach a scríobh sé d’fhill sé ar The Formation of Vegetable Mould through the Action of Worms. Fuair sé bás in Downe, Kent, Sasana, an 19 Aibreán 1882. Bhí sé ag súil go gcuirfí é sa reilig ag Séipéal Mhuire in Downe, ach ar iarratas chomhghleacaithe Darwin, shocraigh William Spottiswoode (Uachtarán an Chumainn Ríoga) go dtabharfaí sochraid stáit dó agus go gcuirfí é in Westminster Abbey, gar do John Herschel agus do Isaac Newton. Níor tugadh an onóir sin de shochraid stáit ach do chúigear mór le rá sa naoú haois déag nár bhain leis an teaghlach ríoga sa Ríocht Aontaithe.


Páistí Darwin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Darwin sa bhliain 1842 lena mhac ba shine, William Erasmus Darwin Darwin lena mhac ba shine, William Erasmus Darwin, i 1842 Páistí Darwin William Erasmus Darwin (27 Nollaig 1839 – 1914) Anne Elizabeth Darwin (2 Márta 1841 – 22 Aibreán 1851) Mary Eleanor Darwin (23 Meán Fómhair 1842 – 16 Deireadh Fómhair 1842) Henrietta Emma “Etty” Darwin (25 Meán Fómhair 1843 – 1929) George Howard Darwin (9 Iúil 1845 – 7 Nollaig 1912) Elizabeth “Bessy” Darwin (8 Iúil 1847 – 1926) Francis Darwin (16 Lúnasa 1848 – 19 Meán Fómhair 1925) Leonard Darwin (15 Eanáir 1850 – 26 Márta 1943) Horace Darwin (13 Bealtaine 1851 – 29 Meán Fómhair 1928) Charles Waring Darwin (6 Nollaig 1856 – 28 Meitheamh 1858)

Bhí deichniúr clainne ag Darwin agus a bhean chéile: cailleadh beirt agus iad ina naíonáin, agus chuaigh bás Annie, nuair nach raibh sí ach deich mbliana d’aois, i bhfeidhm go mór ar a tuismitheoirí. B’athair dílis é Charles a bhí tiomanta dá chlann agus thug sé aire mhaith dá pháistí, rud a bhí neamhchoitianta go maith ag an am. Nuair a bhuailtí breoite iad, bhíodh eagla air go bhfuair siad a laigí ón insíolrú mar gheall ar an ngaol gairid teaghlaigh a bhí idir é féin agus a bhean chéile, a chol ceathrair, Emma Wedgwood. Rinne sé mionscrúdú ar an ábhar sin ina chuid scríbhneoireachta, á chur i gcodarsnacht leis na buntáistí a bhaineann le crosáil mórán orgánach. In ainneoin na bhfaitíos a bhí air, d’éirigh go han-mhaith le formhór a bpáistí a mhair. Chuaigh siad chun cinn agus bhí gairmeacha céimiúla acu mar bhaill iomráiteacha den teaghlach mór le rá, Darwin-Wedgwood.

As a pháistí a mhair, ba Chomhaltaí den Chumann Ríoga iad George, Francis agus Horace. Bhí cáil orthu mar réalteolaí, mar luibheolaí agus mar innealtóir sibhialta, faoi seach. Os a choinne sin, bhí a mhac Leonard ina shaighdiúir, polaiteoir, eacnamaí, eoiginiceoir, agus oide múinte don staitisteoir agus don bhitheolaí éabhlóide, Ronald Fisher.

Tuairimí creidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an-trí chéile ar Darwin nuair a fuair a iníon Annie bás sa bhliain 1851. Faoin am sin bhí a chreideamh sa Chríostaíocht imithe i léig, agus bhí sé éirithe as dul chun na heaglaise.

Ba é an tÚinitéireachas neamhaontach an traidisiún a bhí ag muintir Darwin, ach ba shaorsmaointeoirí iad a athair agus a sheanathair, agus baisteadh Darwin in Eaglais Shasana agus cuireadh chuig scoil chónaithe Eaglais Shasana é chomh maith. Nuair a chuaigh sé go Cambridge chun bheith ina chléireach Anglacánach, ní raibh amhras aige faoi fhírinne litriúil an Bhíobla. D’fhoghlaim sé eolaíocht John Herschel, agus cosúil le diagacht nádúrtha William Paley, lorg an eolaíocht sin mínithe i ndlíthe an dúlra seachas i míorúiltí agus bhreathnaigh sé ar oiriúnú speiceas mar fhianaise deartha. Ar an aistear a rinne an Beagle, chuardaigh Darwin “láir chruthaithe” chun dáileadh a mhíniú, agus d’áirigh sé gaol láidir idir an antlion, feithid a aimsítear gar do changarúnna, agus tréimhsí ar leith Cruthaithe. D’fhan sé ceartchreidmheach go maith agus bhíodh sé de nós aige an Bíobla a thabhairt mar údarás ar mhoráltacht.

Faoin am gur fhill sé fuair sé locht ar an mBíobla mar stair, agus bhí iontas air cén fáth nach mbeadh gach creideamh chomh dleathach céanna. Sa chúpla bliain ina dhiaidh sin, agus é ag déanamh tuairimíochta ar gheolaíocht agus ar chlaochlú speiceas, rinne sé a lán machnaimh ar chreideamh agus phléigh sé é sin go hoscailte le Emma. Cosúil le Darwin, tháinig creidimh Emma ó dhianstaidéar agus ó cheistiú. Rinne diagacht nádúrtha Paley agus Thomas Malthus oilc fearacht an ocrais a chosaint de thoradh dhlíthe cruthaitheora dea-mhéinigh a raibh dea-éifeacht iomlán acu. Ba éard a rinne roghnú nádúrtha do Darwin ná gur léirigh sé an maitheas a bhain le hoiriúnú ach gur bhain sé an riachtanas le dearadh. Ní raibh sé in ann an obair a rinne Dia uilechumhachtach a fheiceáil i measc na péine agus i measc na fulaingthe ar fad, fearacht na foiche icneomain ag baint beatha na n-éag as boilb mar bhia beo dá huibheacha. Cheap sé fós go raibh orgánaigh oiriúnaithe go foirfe, agus léiríonn On the Origin of Species tuairimí diaga. Cé gur bhreathnaigh sé ar an gcreideamh mar straitéis um marthanas treibheach, chreid Darwin go fóill gurbh é Dia an reachtóir deiridh.

Lean Darwin ar aghaidh ag glacadh príomhpháirte in obair pharóiste an tséipéil áitiúil, ach ón mbliain 1849 ar aghaidh, nó mar sin, théadh sé ag siúl gach Domhnach fad is a théadh a theaghlach chuig an teampall. Cé go raibh sé neamhchainteach i dtaobh a thuairimí creidimh, i 1879 d’fhreagair sé nach raibh sé riamh ina aindiachaí toisc nár shéan sé go raibh Dia ann, agus i gcoitinne, go ndéanfadh an téarma Agnóisí cur síos ní ba chruinne ar a mheanma.

Sa scéal, “Lady Hope Story”, a foilsíodh i 1915, scríobhadh go ndeachaigh Darwin ar ais go dtí an Chríostaíocht agus é ar a leaba bhreoiteachta. Bhréagnaigh páistí Darwin na héilimh sin agus rinne staraithe iad a chaitheamh amach mar bhréaga. Labhair sé a fhocail dheireanacha lena theaghlach, d’inis sé an méid seo a leanas do Emma: “I am not the least afraid of death – Remember what a good wife you have been to me – Tell all my children to remember how good they have been to me”, ansin, nuair a luigh sise chun scíth a ligean, dúirt sé le Henrietta agus le Francis arís agus arís eile: “It’s almost worth while to be sick to be nursed by you”.

Léirmhínithe polaitiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad teoiricí agus scríbhinní Darwin, mar aon le géineolaíocht Gregor Mendel (an “tsintéis nua-aimseartha”), a chuireann bonn leis an mbitheolaíocht nua-aimseartha ar fad. Ach, toisc go raibh clú agus cáil ar Darwin i measc an phobail, comhcheanglaíodh a ainm le smaointe agus le gluaiseachtaí nach raibh ach gaol neamhdhíreach acu lena scríbhinní uaireanta, agus cuid den am chuaigh siad cruinn díreach i gcoinne a thuairimí.

Scigphictiúr ón iris Vanity Fair sa bhliain 1871


An Eoiginic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Darwin spéis i dtuairim a leaschol ceathrair, Francis Galton, cás a tháinig chun cinn i 1865. Dar leis, léirigh anailís staitistiúil ar oidhreachtúlacht go bhféadfaí tréithe morálta agus intinne an duine teacht ó bhroinn, agus go bhféadfaí prionsabail phórú ainmhithe a bheith bainteach le neacha daonna. Sa leabhar The Descent of Man, scríobh Darwin go bhféadfaí buntáistí an roghnaithe nádúrtha a chailliúint dá gcuideofaí leis na laga maireachtáil agus clann a bheith orthu. Ach, thug sé rabhadh dá gcoinneofaí siar an cúnamh sin, go gcuirfí instinn na comhbhá, “the noblest part of our nature”, i mbaol agus go bhféadfadh tosca mar oideachas a bheith ní ba thábhachtaí. Nuair a mhol Galton dá ndéanfaí taighde a fhoilsiú go bhféadfaí idirphósadh a spreagadh laistigh de shainaicme a raibh buanna acu ó nádúr, thuar Darwin go mbeadh deacrachtaí praiticiúla ann. Cheap sé gurbh é: “the sole feasible, yet I fear utopian, plan of procedure in improving the human race” agus b’fhearr leis go ndéanfaí tábhacht na hoidhreachtúlachta a phoibliú agus go bhfágfaí faoi dhaoine aonair a gcinneadh a dhéanamh.

Thug Galton Eoiginic ar an réimse staidéir sin i 1883, tar éis bhás Darwin, agus d’fhorleathnaigh sé an bhithmhéadracht. Bhí gluaiseachtaí eoiginice forleathan ag an am agus bhí roghnú nádúrtha Darwin faoi scáth ghéineolaíocht Mendel. I dtíortha áirithe, lena n-áirítear an Bheilg, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSualainn agus na Stáit Aontaithe, forchuireadh dlíthe éigeantacha aimridithe. Rinne eoiginic Naitsíoch sa Ghearmáin an smaoineamh a dhíchreidiúnú.


An Darwineachas Sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má thógtar smaointe tuairisciúla mar fhírinniú morálta agus sóisialta, cruthaítear an fhadhb eiticiúil ar a dtugtar an “is-ought problem”. Nuair a chuir Thomas Malthus a thuairim chun cinn go raibh sé i ndán ag Dia go bhfásfadh an daonra go dtí líon ní ba mhó ná na hacmhainní a bhí ar fáil dóibh, chun go n-oibreodh neacha daonna go táirgiúil agus chun go gcoinneoidís srian ar na clanna a bheadh orthu. Baineadh úsáid as sin sna 1830idí chun tithe na mbocht agus geilleagar laissez-faire a chosaint. Chonacthas go raibh impleachtaí sóisialta ag baint le héabhlóid, agus i leabhar a scríobh Herbert Spencer i 1851, Social Statics, bhunaigh sé smaointe na saoirse daonna agus smaointe shaoirse an duine ar theoiric éabhlóide Lamarck.

Bhí teoiric éabhlóide Darwin ina ábhar mínithe. Cheap sé go raibh sé “absurd to talk of one animal being higher than another” agus cheap sé nach raibh sprioc ar bith ag éabhlóid. Ach, go gairid i ndiaidh don Origin a bheith foilsithe sa bhliain 1859, rinne léirmheastóirí fonóid faoin gcur síos a rinne sé ar streachailt chun marthanais mar fhírinniú Malthus ar chaipitleachas tionsclaíoch na Breataine ag an am. Baineadh úsáid as an téarma Darwineachas le haghaidh smaointe éabhlóide daoine eile, lena n-áirítear smaoineamh Spencer “survival of the fittest” mar dhul chun cinn saormhargaidh, agus smaointe ciníocha Ernst Haeckel ar fhorbairt an duine. Ní raibh baint ag Darwin leis an gciníochas a bhí coitianta ag an am. Bhí sé glan i gcoinne na sclábhaíochta, i gcoinne “ranking the so-called races of man as distinct species”, agus i gcoinne dhrochíde na ndaoine dúchasacha.

Bhain scríbhneoirí úsáid as roghnú nádúrtha chun argóint a dhéanamh ar son an iliomad idé-eolaíochtaí, a bhí in aghaidh a chéile go minic, mar shampla, caipitleachas fíoriomaíoch laissez-faire, ciníochas, cogaíocht, coilíneachas agus impiriúlachas. Ach, chuimsigh tuairim iomlánaíoch Darwin ar an dúlra: “dependence of one being on another”, agus mar sin, leag síochánaithe, sóisialaithe, leasaitheoirí sóisialta liobrálacha agus ainrialaithe mar an Prionsa Peter Kropotkin béim ar an luach a bhain le comhoibriú seachas a bheith ag streachailt laistigh de speiceas. Dhearbhaigh Darwin féin nár chóir do bheartas sóisalta a bheith treoraithe go simplí ag coincheapa streachailte agus roghnaithe sa dúlra.

Níor baineadh mórán úsáide as an téarma “Darwineachas Sóisialta” ó na 1890idí ar aghaidh, nó mar sin, ach bhí sé i mbéal an phobail mar théarma dímheasúil sna 1940idí nuair a bhain Richard Hofstadter úsáid as chun coimeádachas laissez-faire a cháineadh. I measc na ndaoine coimeádacha sin bhí William Graham Sumner a bhí i gcoinne leasaithe agus an tsóisialachais. Ó shin i leith, úsáidtear é mar théarma mí-úsáide. Ceapann daoine áirithe go bhfuil iarmhairtí morálacha ag baint le héabhlóid agus mar sin bíonn siad ina coinne.

Cuimhneachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Darwin sa bhliain 1880, fós ag obair ar a thuairimí um smaoineamh éabhlóide, tuairimí a raibh tionchar mór acu ar mhórán réimsí eolaíochta.

Le linn shaol Darwin, tugadh a ainm do mhórán speiceas agus gnéithe tíreolaíochta. Thug Robert FitzRoy an t-ainm Darwin Sound d’fhairsinge uisce atá buailte leis an Beagle Channel. Rinne gníomhú sciobtha Darwin, mar aon le beirt nó triúr fear eile, iad a shábháil ó bheith fágtha ar chladach in aice leo nuair a tharla tonn mhór mar gheall ar oighearshruth a bhí ag titim. Murach Darwin agus na fir sin, d’fhéadfadh an tonn sin a mbáid a chrochadh chun siúil. Ainmníodh Mount Darwin sna hAindéis gar don áit sin chun 25ú breithlá Darwin a chomóradh. Nuair a bhí an Beagle ag déanamh suirbhéireachta ar an Astráil i 1839, chonaic cara Darwin, John Lort Stokes, cuan nádúrtha agus thug captaen na longa, Wickham, an t-ainm Port Darwin air. Rinneadh lonnaíocht Palmerston, a bunaíodh ansin i 1869, a athainmniú Darwin go hoifigiúil i 1911. Ina dhiaidh sin, rinneadh príomhchathair Chríoch Thuaisceartach na hAstráile di, agus tá Ollscoil Charles Darwin agus Páirc Náisiúnta Charles Darwin sa chathair chomh maith. Bunaíodh Coláiste Darwin, Cambridge i 1964, agus ainmníodh é in onóir theaghlach Darwin. Cuid den chúis arbh ainmníodh astu é ná gur leo cuid den talamh ar a raibh sé tógtha.

Cé go raibh siad gaolta leis na héin Mheiriceánacha, an Emberizidae, nó an Tanagair, agus ní le glasáin, tugadh “Darwin’s finches” go coitianta ar an ngrúpa speiceas gaolta leis na cinn ar tháinig Darwin orthu in Oileáin Galápagos. Tharla sé sin nuair a foilsíodh leabhar David Lack den ainm sin i 1947 agus chothaigh seisean finscéalta míchruinne maidir leis an tábhacht a bhí acu lena chuid oibre.

Sa bhliain 1992, áiríodh Darwin sa séú háit déag ar liosta Michael H. Hart de na daoine i stair a raibh an tionchar ba mhó acu. Tháinig Darwin sa cheathrú háit sa suirbhé 100 Greatest Britons a bhí urraithe ag an BBC agus ba iad na daoine ón bpobal a chaith vótaí do na buaiteoirí. In 2000, cuireadh íomhá Darwin ar an nóta deich bpunt de chuid Bhanc Shasana. Ba é Charles Dickens a bhíodh air roimhe sin. Dúradh go raibh baint ag a fhéasóg chlannógach shuntasach (a bhí deacair le brionnú de réir dealraimh) le cinneadh an bhainc.

Déanann an Linnean Society of London éachtaí Darwin a chomóradh le gradam Bhonn Darwin-Wallace, gradam atá á bhronnadh acu ón mbliain 1908.

Mar chomóradh greannmhar ar éabhlóid, bronntar Gradam bliantúil Darwin ar dhaoine aonair “(who) improve our gene pool by removing themselves from it”.

Tá an iliomad beathaisnéisí scríofa ar Darwin, agus thug an t-úrscéal beathaisnéiseach, The Origin, a scríobh Irving Stone i 1980, cuntas ficseanúil ar shaol Darwin ó bhí sé 22 bliain d’aois ar aghaidh. Ba léir ón úrscéal go ndearna Stone taighde maith ar shaol Darwin.


Cuimhneacháin Darwin sa bhliain 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bonn dhá phunt ag comóradh shaolú Darwin agus fhoilsiú On the Origin of Species.

Is ceiliúradh bliantúil é Lá Darwin, agus tá imeachtaí agus foilseacháin á reáchtáil ar fud an domhain chun comóradh a dhéanamh ar chothrom dhá chéad bliain shaolú Darwin agus ar chothrom céad agus caoga bliain fhoilsiú On the Origin of Species. Osclaíodh taispeántas Darwin san American Museum of Natural History i gCathair Nua-Eabhrac in 2006, agus ina dhiaidh sin taispeánadh é sa Museum of Science i mBostún, sa Field Museum in Chicago agus sa Royal Ontario Museum in Toronto. Ón 14 Samhain 2008 go dtí an 19 Aibreán 2009, bhí an taispeántas sa Natural History Museum i Londain, mar chuid de chlár imeachtaí Darwin200 ar fud na Ríochta Aontaithe. Beidh féile in Ollscoil Cambridge i mí Iúil 2009. Beidh imeachtaí ar siúl ina áit bhreithe le linn na bliana mar chuid de “Darwin’s Shrewsbury 2009 Festival”.

Tá eisiúint speisialta comórtha den bhonn dhá phunt sa Ríocht Aontaithe, a léiríonn portráid de Darwin ag tabhairt aghaidhe ar shimpeansaí. Tá 1809 DARWIN 2009 inscríofa ar aghaidh an bhoinn agus tá ON THE ORIGIN OF SPECIES 1859 mar inscríbhinn ar an bhfaobhar. Eiseofar leaganacha bailitheora den bhonn ar biseach, agus i rith na bliana beidh na boinn ar fáil ó bhainc agus ó oifigí poist ar aghaidhluach.

I mí Mheán Fómhair 2008, d’eisigh Eaglais Shasana alt á rá gurbh am oiriúnach é an comóradh dhá chéad bliain chun leithscéal a ghabháil le Darwin: “for misunderstanding you and, by getting our first reaction wrong, encouraging others to misunderstand you still”.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba sríbhneoir rafar é Darwin. Fiú murar foilsíodh a shaothair ar éabhlóid, bheadh cáil mhaith bainte amach aige mar údar an leabhair, The Voyage of the Beagle, mar gheolaí a d’fhoilsigh go leor ábhair ar Mheiriceá Theas agus a réitigh an dúcheist a bhain le foirmiú atall coiréalach, agus mar bhitheolaí a d’fhoilsigh an saothar cinnteach ar ghiúrainn. Cé gurb é The Origin of Species a bhíonn chun tosaigh maidir leis an tslí a nglactar lena shaothar, bhí tionchar suntasach ag The Descent of Man, and Selection in Relation to Sex agus The Expression of Emotions in Man and Animals. Ba staidéar nuálaíoch ríthábhachtach é an t-ábhar a bhí sna leabhair a scríobh sé ar phlandaí, lena n-áirítear The Power of Movement in Plants. Ba ríthábhachtach é a shaothar deiridh chomh maith, The Formation of Vegetable Mould Through the Action of Worms.

Nuair a bhíonn ainm luibheolaíochta á lua, seasann an giorrúchán údair Darwin do Charles Darwin.