Óm-mhéadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tÓm-mhéadar digiteach

Ionstraim bheag sho-iompartha chun an fhriotaíocht i gciorcad leictreach a thomhas. Tá bataire is aimpmhéadar ann, chomh maith le dhá shreang cónaisc le ceangal leis an bhfriotóir anaithnid. Nuair a cheanglaítear leis an bhfriotóir é, bíonn an sruth a ritheann i gcomhréir inbhéartach leis an bhfriotaíocht, agus bíonn an t-aimpmhéadar grádaithe in aonaid óm.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Óm-mhéadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 497.