Íosóip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda beag tomach ilbhliantúil a fhásann suas le 60 cm ar airde, dúchasach do dheisceart na hEorpa agus iarthar na hÁise. Na duilleoga caol, i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna dé-mhaothánach, vialait/gorm, i bhfáinní a dhéanann spící fada scaipthe aontaobhacha. Saothraithe ar dtús mar luibh leighis, ach faightear nádúraithe í uaireanta.