Íoc agus taispeáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhartha íoc agus taispeáin i mBaile Átha Cliath.

Is córas é "Íoc agus taispeáin" chun srian a chur ar locadh gluaisteáin ar sráideanna nó i gcarrchlósanna nó in áiteanna eile. Ní mór do dhaoine léiriú go bhfuil táille íoctha acu ionas go mbeidh cead acu a ngluaisteáin a fhágáil san áit sin. Ceannaíonn tiománaithe gluaisteáin duillín le taispeáint ina ngluaisteáin ó inneall faoi leith gar don áit ina loctar na gluaisteáin. Mura fheiceann maoir thráchta go bhfuil íoctha ag tiománaí, cuirfear teanntán ar roth ar an ngluaisteán.

Bíonn an limistéar ina gceannaítear an duillín clóite ar an nduillín. Clóbhuaitear an dáta agus am tosaithe agus am éaga an táille íoctha. Bíonn teorainn ama ar an nduillín. Ní mór don tiománaí a thuilleadh a íoc chun an gluaisteán a fhágaint ar feadh tamall eile nó bogadh ar aghaidh. Arís, mura dhéantar ceachtar den dá rud, cuirfear teanntán ar roth.

Tá córas nua i bhfeidhm i gcathracha éagsúla, Baile Átha Cliath ina measc, inar féidir le tiománaithe na táillí íoc agus taispeáin a íoc trí a ngutháin shoghluaiste.

Inneall íoc agus taispeáin de chuid Stelio