Ícéinigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na treibheanna Ceilteacha i ndeisceart na Breataine.

Ba treibh Cheilteach iad na hÍcéinigh (Laidin: Iceni) nó hEcéinigh a bhí ina gcónaí i gceantar na Breataine a fhreagraíonn don chontae Norfolk an lae inniu, idir an 1ú haois RC agus an 1ú haois AD. Taobh thiar dóibh bhí cónaí ar na Corieltauvi, agus ó dheas dóibh bhí na Trinovantes agus na Catuvellauni.

Féadfaidh go raibh na Cenimagni, a ghéill d'Iúil Caesar le linn a dara sluaíocht chun na Breataine sa bhliain 54 BC, ina ghéag de na hÍcéinigh, nó d'fhéadfadh sé gur truailliú a tharla i gcás an ainm Cenimagni agus gur Iceni Magni an leagan ceart, sé sin "Ícéinigh Móra".

Seandálaíocht[athraigh | edit source]

Bonn airgid de chuid na nÍcéineach

Fuarthas fianaise sheandálaíochta i dtaobh na nÍcéineach, ina measc bhí - toirc, fáinní troma órga, airgid nó leictream a chaití timpeall an mhuiníl agus na gualainne. Thosaigh an hÍcéinigh i mbun bonn airgid a tháirgeadh thart ar 10 RC. Ba shain-oiriúnú a mboinn ar an ndearadh Ghall-Bheilgeach "aghaidh/capall", agus i roinnt luath-eisiúintí, níos iomadúla in aice le Norwich, cuireadh 'torc' in ionad 'capaill'. Inscríobhadh 'ECENI' ar roinnt bonn, agus dé réir sin is dócha gurb iad an t-aon ghrúpa a bhain úsáid as a n-ainm treibhe ar boinn. Is é an t-ainm pearsanta a taispeánadh ar airgead ná Antedios (ca. 10 RC), agus ainmneacha giorraithe eile cosúil le AESU agus SAEMU níos déanaí ar aghaidh.

Tagairtí[athraigh | edit source]