Éisteolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i geist le héisteolaíocht ná staidéar ar fhiseolaíocht na héisteachta, agus galair a chuireann isteach ar an gcluas eachtrach, láir nó inmheánach is an néaróg éisteachta.

Baineann sí le caomhnú na héisteachta, measúnú is sainiú lagú éisteachta, agus athshlánú daoine le lagú éisteachta. Tugtar closmhéadaracht ar thomhas eolaíoch ar an éisteacht. Úsáidtear closmhéadar chuige, agus táirgeann an closmhéadar closghram.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éisteolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 245.