Éisteacht dhéscartha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht thurgnamhach atá san éisteacht dhéscartha a úsáidtear i síceolaíocht is sícitheangeolaíocht chun déanamh amach cén taobh den inchinn is mó atá in ann cineálacha áirithe fuaime a phróiseáil. Déantar an tástáil trí spreagthaí éagsúla a chur isteach sa dá chluas ag an am céanna, agus freagairt na hinchinne a fháil ó thuairisc an duine ar an gcluas is mó a bhraitheann an spreagadh. Den chuid is mó, bíonn an chluas dheas chun tosaigh maidir le comharthaí teangeolaíocha, agus an chluas chlé maidir le comharthaí eile, cosúil le ceol.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éisteacht dhéscartha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 245.