Éislinn mheabhrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Riocht ina mbíonn sainuimhir intleachta (IQ) níos lú ná 70 ag duine, gan cumas aige maireachtáil go neamhspleách, rud a aithnítear roimh 18 mbliain d'aois. Bíonn 4 rang ann: cineálta (IQ 50-70), measartha (35-49), dian (20-34), agus domhain (níos lú ná 20). Sa chuid is mó de na cásanna, ní fios cad is cúis léi. Tá cúiseanna áirithe ar eolas, ina measc riochtaí géiniteacha (siondróm Down, mar shampla), galair ionfhabhtaithe (bruitíneach dhearg, mar shampla), ceimiceáin dhíobhálacha (tailídimíd, mar shampla), agus taismí go luath sa leanbhaois.