Éinstéiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éinstéiniam
Siombail Cheimiceach Es
Uimhir Adamhach 99
Meáchan Adamhach (252) g·mol−1
Grúpa, Peiriad NA, 7, f
Dlús 8.84 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Achtanóidigh
Es-TableImage.png

Is é an t-éinstéiniam dúil cheimiceach uimhir a 99, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Es. Fuair sé a ainm ó Albert Einstein. Ceann de na hachtanóidigh é, agus mar sin, is dúil throm thrasúránach é. Mar sin, níl ach iseatóip radaighníomhacha aige, agus má éiríonn leis na fisiceoirí blúirín beag éinstéiniam a tháirgeadh, is sciobtha a thiocfaidh an meath radaighníomhach air. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ann ná 252Es, ach níl an ceann sin féin ró-fhadsaolach, nó tá sé 471.7 lá ar leathré.

Mar sin, is deacair do na ceimiceoirí mórán taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an éinstéiniam. Tagann meath radaighníomhach ar gach eiseamal chomh luath is nach féidir a rá go mbeadh sé indéanta an t-éinstéiniam a choinneáil glan. Thairis sin, bíonn an radaighníomhaíocht chomh láidir san éinstéiniam is go gcuireann an radaíocht struchtúr an chriostail éinstéiniam ó mhaith go luath.

Tá leathré an éinstéiniam chomh gearr is nach féidir teacht ar an dúil seo sa dúlra. An t-éinstéiniam atá ann, táirgtear sna himoibreoirí núicléacha agus sna saotharlanna fisice é.

Maidir le ceimic an éinstéiniam, is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin atá aige ina chuid comhdhúl ná +3 agus +2. Tá na saineolaithe den bharúil gur féidir comhdhúile éinstéiniam (+4) a tháirgeadh freisin, ach is tuiscint theoiriciúil é seo. D'aithin na ceimiceoirí ocsaíd éinstéiniam Es2O3, an dá chineál clóiríde (EsCl2, EsCl3), bróimide (EsBr2, EsBr3), iaidíde (EsI2, EsI3), fluairíd amháin (EsF3) agus ocsachlóiríd (EsOCl), ocsabhróimíd (EsOBr) agus ocsa-iaidíd (EsOI).

Níl mórán úsáide san éinstéiniam chomh radaighníomhach is atá sé. Táthar ag déanamh gurbh fhiú triail a bhaint as sa radaiteiripe, is é sin, le cealla ailse a mharú le radaíocht.