Éifeachtaí speisialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Amhairc cluana i bpictiúir reatha nó físeán. Dhá ghrúpa ann: iad sin a dhéantar os comhair an cheamara go hiomlán, agus iad siúd ina n-athraítear an íomhá thaifeadta. Sa chéad ghrúpa tá an-chuid bealaí inar féidir an fhairsinge le fótagrafú a fhorleathnú amach, le hamhairc atá péinteáilte ar ghloine nó mionláithreáin atá tógtha i bpeirspictíocht. Is féidir mionsamhlacha, tógtha de réir scála, a fhótagrafú faoi ghluaiseacht mhall chun traenacha, línéir, aerárthaigh, is spásárthaigh a léiriú. Is féidir mionsamhlacha anamúla a fhótagrafaítear fráma i ndiaidh fráma a úsáid chun créatúir osréalaíocha a dhéanamh anamúil. Is minic a úsáidtear comhcheangal íomhánna, mar shampla chun na haisteoirí a thaispeáint ag obair os comhair cúlraí difriúla (láithreán i bhfad i gcéin, mionsamhail, nó fiú líníocht). D'úsáidtí cúlteilgean, ach faoi seo is teilgean athfhillteach chun tosaigh a úsáidtear. Bealach eile is ea na haisteoirí a fhótagrafú os comhair cúlra mhóir aonfhoirmigh ghoirm agus an cúlra a chur isteach níos déanaí. Úsáidtear dhá íomhá dhifriúla, nó níos mó, chun éifeachtaí cosúil le tuaslagadh, cuimilt is scoilteadh an scáileáin a fháil. Tugann meascthóirí amhairc is íomháú a ghintear le ríomhaire deis fhíorleathan íomhánna a ionramháil chun éifeachtaí gan áireamh a chur i bhfeidhm nach féidir a dhéanamh ar chor ar bith trí ghrianghrafadóireacht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éifeachtaí speisialta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 241.