Diospyros

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Éabann)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDiospyros Cuir in eagar ar Wikidata

Diospyros chloroxylon Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deadhmad éabainn, dátphluma agus calamander wood (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcaor Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdEricales
FineEbenaceae
GéineasDiospyros Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochDiospyros lotus Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Ebenus
Maba Cuir in eagar ar Wikidata
Géineasbaininscneach Cuir in eagar ar Wikidata
Diospyros kaki, ceann de na 700 speiceas i ngéineas an éabainn

Is géineas crann síorghlasduillsilteach é Diospyros. Tá siad dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha, i bhforaoisí báistí na machairí den chuid is mó. Malartaíonn na duilleoga agus déanann craobhacha leacaithe. Tá na bláthanna neamhghnéasach, ina n-aonar nó i gcrobhaingí beaga in ascaillí duilleog, prócachruthach le 3 nó 5 liopa leata, bán, buí nó scothdhearg. Is é dátphluma an toradh, caor ar chailís sheasmhach. Sa chuid is mó de na gnéithe bíonn an t-adhmad bán seachtrach bog, ach an croí dubh adhmaid, éabhann na trádála, an-chrua. Timpeall 700 speiceas, cuid mhaith díobh saothraithe as an adhmad sármhaith is na torthaí inite.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éabhann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 230.