Áras Stair na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Áras Stair na hEorpa
Íomhá
Sonraí
CineálMúsaem staire
Foirgníocht2014 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla6 Bealtaine 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchlataispeántas: 8,000 m²
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAn Bhruiséil, An Bheilg
Suíomhrue Bélliard, Parco Leopoldo
Map
 50°50′24″N 4°22′44″E / 50.839939°N 4.378761°E / 50.839939; 4.378761
Suíomh gréasáin oifigiúilhistoria-europa.ep.eu
Facebook: HistoriaEuropa Twitter: HistoriaEuropa Instagram: houseeuropeanhistory Youtube: UCpRT-r3wG29cO24eblcZdXA Cuir in eagar ar Wikidata

Is tionscnamh de chuid Pharlaimint na hEorpa é Áras Stair na hEorpa. Le hÁras Stair na hEorpa, mar institiúid chultúrtha agus mar iarsmalann, táthar chun leas a bhaint as gach uirlis atá ar fáil chun tuiscint níos fearr i leith stair agus lánpháirtiú na hEorpa a chur i gcrích, trí thaispeántais bhuana, shealadacha agus taistil, trí bhailiúchán ábhar agus doiciméad a léiríonn stair na hEorpa, trí chláir oideachais, trí imeachtaí cultúrtha agus trí fhoilseacháin, mar aon le raon leathan ábhar ar líne. Tá sé lonnaithe sa Bhruiséil, in aice leis na hinstitiúidí Eorpacha.

Bunús an tionscnaimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lainseáil an tUachtarán en:Hans-Gert Pöttering Áras Stair na hEorpa an 13 Feabhra 2007 nuair a luaigh sé é ina chéad aitheasc mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. I measc phríomhchuspóirí an tionscadail ba cheart “go gcuirfí é ar chumas na nEorpach de gach glúin níos mó a fhoghlaim i dtaobh a staire féin agus, tríd an méid seo a dhéanamh, cur le tuiscint níos fearr a bheith ann ar fhorbairt na hEorpa, anois agus amach anseo.” I mí Deireadh Fómhair 2008, chuir coiste saineolaithe a bhí stiúrtha ag an Ollamh Hans Walter Hütter, Ceann Árais de Stair Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte dar teideal Bunús Coincheapúil d’Áras Stair na hEorpa, a bhunaigh coincheap ginearálta agus ábhar an tionscadail agus a leag amach an ailtireacht institiúideach.

I mí an Mheithimh 2009, chinn Biúró na Parlaiminte go ndéanfaí iarsmalann d’iarchlinic fiaclóireachta Eastman agus, i mí Iúil, lainseáil an Biúró comórtas idirnáisiúnta ailtireachta. An 31 Márta 2011, ainmníodh an grúpa a bhuaigh: Chaix & Morel[1] agus Comhpháirtithe (FR), Ailtirí JSWD (DE) agus TPF (BE) chun athchóiriú agus leathnú amach a dhéanamh ar an bhfoirgneamh. Agus tacaíocht á fháil ó bhord eolaíochta a thugann le chéile speisialtóirí mór le rá agus ar a bhfuil an tOllamh Włodzimierz Borodziej ina chathaoirleach, cuireadh foireann ildisciplíneach de dhaoine gairmiúla stiúrtha ag an staraí agus coimeádaí Taja Vovk van Gaal ar bun in Ardstiúrthóireacht Pharlaimint na hEorpa don Chumarsáid chun go n-ullmhófaí ábhar na dtaispeántas agus cruth a chur ar an mbunú a bheadh ann amach anseo.

An t-ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tabharfaidh Áras Stair na hEorpa deis do chuairteoirí foghlaim mar gheall ar phróisis agus imeachtaí staire agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar cad is brí leis na próisis sin sa lá atá inniu ann. Lárionad a bheidh ann do thaispeántais, do dhoiciméadúchán agus d’fhaisnéis, a chuirfidh próisis agus imeachtaí i gcomhthéacs níos leithne ó thaobh staire de agus i gcomhthéacs criticiúil agus a thabharfaidh le hais a chéile taithí éagsúil na nEorpach ó thaobh na staire de. Is í an éagoitinne a bhaineann leis ná an iarracht chun forbhreathnú trasnáisiúnta de stair na Eorpa a chur in iúl, agus éagsúlacht stair na hEorpa á cur san áireamh mar aon le mórán léirmhínithe agus léargas. Tá sé mar aidhm aige go bhféadfadh pobal mór daoine tuiscint a bheith acu ar an nua-stair i gcomhthéacs na gcéadta bliain roimhe seo, rud a chuir cruth ar smaointe agus ar luachanna. Sa tslí sin is é atá i gceist leis an Áras ná go n-éascófaí an plé agus díospóireacht ar an Eoraip agus ar an Aontas Eorpach.

Agus thart ar 4 000 m2 curtha ar fáil dó, beidh an taispeántas buan ina lárchuid d'Áras Stair na hEorpa. Agus ábhair agus doiciméid de réimse leathan meán in úsáid, aistear trí stair na hEorpa a bheidh ann, stair an 20ú céad den chuid is mó, agus féachfar siar ar fhorbairtí agus ar imeachtaí sna tréimhsí luatha a bhfuil suntas ar leith ag baint leo don Mhór-roinn i gcoitinne. Sa chomhthéacs seo, déanfar uathúlacht agus coimpléascacht stair lánpháirtiú na hEorpa a thaispeáint.

Beidh an tÁras bunaithe ar an gcuairteoir agus oscailte do gach aon duine; rud a chloíonn le beartais na Parlaiminte maidir le inrochtaineacht. Chun na críche sin, cuirfidh sé na príomhthéamaí ar fáil in 24 teanga ar a laghad, rud a chomhfhreagróidh do líon na dteangacha oifigiúla san Aontas Eorpach nuair a osclófar é. Tuigtear gur gné d'éagsúlacht chultúrtha san Eoraip í an t-ilteangachas, agus le hÁras Stair na hEorpa is é a theastaíonn ná go bhféachfadh a gcuairteoirí ar a bhfuil ar fáil ann i mórán teangacha mar cheann de phríomhshócmhainní na hinstitiúide.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh foirgneamh Eastman a dhearadh i dtosach mar chlinic fiaclóireachta agus ainmníodh é i gcuimhne ar George Eastman, daonchara Meiriceánach agus aireagóir an cheamara Kodak. A bhuíochas leis na tabhartais flaithiúla a thug sé, bhíothas in ann ionaid fiaclóireachta a chur ar bun i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Róimh, i bPáras, sa Bhruiséil agus i Stócólm, inar cuireadh cúram fiaclóireachta saor in aisce ar fáil do leanaí faoi mhíbhuntáiste. I 1933, d’iarr Fondúireacht Eastman ar an ailtire ón Eilvéis Michel Polak, a bhfuil cáil air dá stíl Art Deco agus go háirithe do Phálás Résidence cáiliúil na Bruiséile, foirgneamh nua a dhearadh. Osclaíodh an foirgneamh i dtosach i 1935 agus tá sé suimiúil i dtéarmaí innealtóireachta agus dá ghnéithe Art Deco chomh maith. In iarsheomra feithimh na leanaí tá grúpa múrmhaisithe den phéintéir Camille Barthélémy a chuireann finscéalta La Fontaine in iúl.

Rinneadh Páirc Leopold, lena n-áirítear foirgnimh stairiúla cosúil le hInstitiúid Pasteur nó Leabharlann Solvay, a liostáil i 1976 Níl foirgneamh Eastman é féin liostáilte do chaomhnú. Dhún an chlinic fiaclóireachta síos sula ndearnadh é a athchóiriú mar oifigí do na hinstitiúidí Eorpacha sna 1980í.

Meastacháin do chostais agus do chistíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Staid forbartha 2011-2015: EUR 31 milliún d’athchóiriú agus do leathnú amach an fhoirgnimh, EUR 21.4 milliún do na chéad taispeántais bhuana agus shealadacha (EUR 15.4 milliún chun an taispeántas agus na spásanna eile a fheistiú, EUR 6 milliún don ilteangachas) agus EUR 3.75 milliún chun cur leis an mbailiúchán.

Íocfaidh Parlaimint na hEorpa as na costais forbartha, ach d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach na costais leanúnacha a chomh-mhaoiniú agus tá sé léirithe ag Uachtarán an Choimisiúin cheana go mbeifí sásta an méid seo a dhéanamh.

Cur chun feidhme agus bainistiú an tionscadail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é cruthaithe as stuaim Pharlaimint na hEorpa, baineann Áras Stair na hEorpa leas as mórán struchtúr dá chur chun feidhme institiúideach.

Is comhlacht iolraíoch é Bord na nIontaobhaithe, ar a bhfuil iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an tUas. Hans-Gert Pöttering ina cheann, agus ina bhfuil polaiteoirí d’ardleibhéal, rud a thugann le chéile mórán institiúidí Eorpacha agus údaráis na Bruiséile. Tá ionadaíocht déanta ann ar phríomhthuairimíocht pholaitiúil agus ar phríomhchomhlachtaí na Parlaiminte. Déanann sé maoirseacht ar bhainistiú ginearálta an tionscadail.

Is iad a chomhaltaí ná — pl:Włodzimierz Borodziej, en:Étienne Davignon, de:Hans-Walter Hütter, en:Miguel Angel Martínez, en:Gérard Onesta, Doris Gisela Pack, Chrysoula Paliadeli, fr:Charles Picqué, en:Alain Lamassoure, Wojciech Roszkowski, en:Peter Sutherland, Androulla Vassiliou, Diana Wallis, agus Francis Wurtz.

Tá an staraí Włodzimierz Borodziej ina chathaoirleach ar an gCoiste Acadúil, ina bhfuil staraithe agus daoine gairmiúla ó iarsmalanna a bhfuil cáil go hidirnáisiúnta orthu agus tá ról athleanúna agus comhairliúcháin ar shaincheisteanna tras-scríofa sa mhéid a bhaineann sé le cúrsaí staire agus iarsmalainne.

Is iad a chomhaltaí ná — en:Norman Davies, de:Hans-Walter Hütter, en:Matti Klinge, en:Miguel Angel Martínez, Anita Meinarte, Hélène Miard-Delacroix, Mary Michailidou, en:Hans-Gert Pöttering, Oliver Rathkolb, Antonio Reis, Maria Schmidt, Jean-Pierre Verdier agus Henk Wesseling.

Tá an fhoireann acadúil, ar a bhfuil an staraí agus coimeádaí Taja Vovk van Gaal ina cheann, freagrach as bheith ag ullmhú do thaispeántais agus as an iarsmalann amach anseo a struchtúrú. Ó mhí Deireadh Fómhair 2012 i leith, tá an dearthóir Arnaud Dechelle tar éis cúnamh a thabhairt do na hoibrithe seo.

féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Láithreán gréasáin oifigiúil

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]