Áicsin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iondóilaigéad aicéiteach (IAA) a dtugtar ar an mball is tábhachtachí i rang na n-áicsin.

Is é rud is áicsin ann, i bhfiseolaíocht plandaí: fíteahormón a bhíonn riachtanach i gcomhair fáis agus forbartha na bplandaí. Tá an t-ainm áicsin díorthaithe ón tSean-Ghréigis αυξανω ("auxano" -- "fásaim").

Tugtar áicsiní ar rang substaintí nádúrtha agus shintéiseacha a thaispeánann na hairíonna céanna i bhforbairt agus rialú na bplandaí.

Is iad áicsin, gibrilin agus cíticinin na hormóin mhóra de chuid na bplandaí.

Is é Fritz Went (1903-1990) an t-eolaí Ísiltíreach a chéad thug faoi deara feidhm an hormóin i bhfás na bplandaí. Iondóilaigéad aicéiteach (IAA) a dtugtar ar an mball is tábhachtachí i rang na n-áicsin.

Naisc sheachtracha [athraigh]